Committee Reports::Report No. 26 - Company Taxation and Witholding of Taxes on Dividends, Harmonisation of Systems::25 February, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 24 Márta, 1976

Wednesday, 24th March, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.00 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Ó Coileáin, Dockrell, Esmonde, Ó Fathaigh, Mac Giobúin agus Stondún; na Seanadóirí Ó Beoláin, Ó hUiginn agus Yeats. Fuarthas leithscéal ón Teachta Caomhánach agus ó na Seanadóirí Ó Luineacháin agus Bean Mhic Roibin faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Threoir Bheartaithe ón gComhairle maidir le Córais Chánachais Chuideachtaí a Chomhchuibhiú agus maidir le Cánacha ar Dhíbhinní a choimeád siar.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 5 go huile.


(ii) Mír 6.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Coileáin):


“To delete the final sentence of the paragraph and to substitute the following:—


‘Accordingly, the Joint Committee recommends that the strongest pressure be brought to bear at Council level to seek a general derogation for Ireland from the provisions of the proposed Directive insofar as they relate to withholding taxes’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh mír 7.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5.10 p.m.