Committee Reports::Report No. 25 - Animals, Protection during International Transport::24 March, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá breithniú déanta ag an gComhairle ar thograí an Choimisiúin le haghaidh Cinntí ón gComhairle (a) á údarú don Choimisiún tosú ar chaibidlí le Comhairle na hEorpa i dtaobh aontú an Chomhphobail do Choinbhinsiún na hEorpa chun ainmhithe a chosaint le linn iompair idirnáisiúnta agus (b) an Coinbhinsiún a chríochnú agus ag tabhairt isteach na dtograí is gá lena fheidhmiú i dtrádáil laistigh den Chomhphobal (R/1428/75).


2. An Coinbhinsiún

Is é is aidhm don Choinbhinsiún Eorpach chun Ainmhithe a Chosaint le linn Iompair Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú ag Ballstáit Chomhairle na hEorpa 13 Nollaig, 1968, cosc a chur le hainmhithe fulaingt le linn iompair idirnáisiúnta. Tá sé mínithe gur iompar idirnáisiúnta aon ghluaiseacht a ngabhann trasnú teorann stáit leis (gan trácht thar teorann stáit a áireamh).


Baineann an Coinbhinsiún le heallach, capaill, caoire, muca, gabhair, madraí tí, cait, coiníní, éanlaithe, etc. Ceanglaíonn sé scrúdú tréidliachta a dhéanamh ar ainmhithe sula luchtaítear iad agus sonraítear ann na dála nach mór a bheith ann le linn turais maidir le cóiríocht, beathú, seala scíthe, socruithe slánaíochta, leithlisithe, crú, glantachán, tinneas nó díobháil a chóireáil, trealamh luchtaithe/díluchtaithe, moilleanna a laghdú, etc. Tá ann forálacha speisialta a rialaíonn iompar ar ráille, ar bóthar, thar uisce agus san aer; foráil (Airteagal 47) a dhéanann socrú le haighnis a shocrú agus foráil (Airteagal 49) a dhéanann socrú d’aontachas ag Ballstáit nua. Is ar an údarás inniúil sa tír as a seoltar a bhíonn de dhualgas a chinneadh an gcomhlíonann an t-iompar téarmaí an Choinbhinsiúin.


3. An Coinbhinsiún a Dhaingniú agus a Chur i gCrích ag Éirinn

Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún 14 Márta, 1975, agus tháinig sé i bhfeidhm don tír seo 15 Meán Fómhair, 1975. Tá comhaontú de réir téarmaí an Choinbhinsiúin déanta idir an tír seo agus an Ríocht Aontaithe nach mbaineann Airteagal 3, a bhaineann le hiniúchadh, socruithe luchtaithe agus scrúdú tréidliachta, le hiompar go Tuaisceart Éireann.


Tá an Coinbhinsiún curtha i gcrích, a mhéid a bhaineann leis an tír seo, leis an Ordú um Ainmhithe faoi Bhealach (Ginearálta), 1973, 30 Deireadh Fómhair, 1973, a rinneadh faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966.


4. An Chúis leis an gComhphobal Aontú

Tá curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe cheana féin ag na Ballstáit go léir. Measann an Coimisiún gur somhianaithe an Comhphobal d’aontú mar, mura n-aontódh, go bhféadfadh sé tarlú dhá chineál rialacha a bheith ann a bheadh éagsúil ina mbrí agus ina nósanna imeachta agus go mb’fhéidir gur dheacair amach anseo reachtaíocht nua Chomhphobail faoin ábhar sin a bhunú. Is cosúil go bhfuil sé beartaithe na dlíthe náisiúnta a bhaineann leis an ábhar a chomhchuibhiú.


5. Tuairimí an Chomhchoiste

Ní léir don Chomhchoiste aon locht a bheith ar na tograí. Tá curtha in iúl dó go mb’fhéidir go ligfí do na socruithe speisialta a bhfuil feidhm acu idir an Stát agus Tuaisceart Éireann leanúint d’fheidhm a bheith acu tar éis don Chomhphobal aontú leis an gCoinbhinsiún.


Tá curtha in iúl don Chomhchoiste ag Ard-Chomhairle Lucht Trádála Beostoic na hÉireann nach bhfuil aon saoráidí cearta ag port Bhaile Átha Cliath, ná ag aon phort eile in Éirinn ach an oiread, le trucanna eallaigh a ní gach uair a mbíonn eallach saor ó bhrucella á loingsiú. Measann an Ard-Chomhairle nach foláir na saoráidí sin a bheith ar fáil ionas go gcuirfear Airteagal 13 den Choinbhinsiún i gcrích. Molann an Comhchoiste go gcuirfidh na húdaráis iomchuí dlús leis an ábhar sin mar ábhar a bhfuil práinn mhór leis.


6. Admháil

Tá an Comhchoiste an-bhuíoch faoin gcabhair a fuair sé, le linn dó a bheith ag breithniú na dtograí sin, ó Lucht Trádála Beostoic na hÉireann.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


24 Márta, 1976.