Committee Reports::Report No. 25 - Animals, Protection during International Transport::25 February, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 24 Márta, 1976

Wednesday, 24th March, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Ó Coileáin, Dockrell, Esmonde, Ó Fathaigh, Mac Giobúin agus Stondún; na Seanadóirí Ó Beoláin, Ó hUiginn agus Yeats. Fuarthas leithscéal ón Teachta Caomhánach agus ó na Seanadóirí Ó Luineacháin agus Bean Mhic Roibín faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Chinntí Beartaithe maidir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Ainmhithe a Chosaint le linn Iompair Idirnáisiúnta.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


Aontaíodh míreanna 1 go 6 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5.10 p.m.