Committee Reports::Report - Statement made by Deputy Crowley in the Dáil on 3rd March 1976 in relation to the Minister for Posts and Telegraphs::13 May, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Bhreithnigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí ag cruinnithe a comóradh an 11 Márta, an 29 Aibreán agus an 13 Bealtaine an ráiteas a rinne an Teachta Flaithrí Ó Crualaoich sa Dáil an 3 Márta, 1976, á líomhnú gur iarchomhalta den Pháirtí Cumannach é an tAire Poist agus Telegrafa, an Teachta Conchúr Crús Ó Briain .i. ráiteas a cuireadh faoi bhráid an Choiste an 4 Márta lena scrúdú agus tuarascáil a thabhairt air.


2. Ag cruinniú an 13 Bealtaine chinn an Coiste tuarascáil ar an ábhar a thabhairt don Dáil mar a leanas:—


“Gurb é cinneadh an Choiste seo gur sháraigh an Teachta Flaithrí Ó Crualaoich pribhléid Dháil Éireann mar gheall ar na líomhaintí pearsanta a rinne sé in aghaidh an Aire Poist agus Telegrafa, an Teachta Conchúr Crús Ó Briain, sa Dáil an 3 Márta, 1976.”


(Sínithe) SEÁN Ó TREASAIGH,


Cathaoirleach.


13 Bealtaine, 1976.