Committee Reports::Report - Statement made by Deputy Crowley in the Dáil on 3rd March 1976 in relation to the Minister for Posts and Telegraphs::11 March, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 11 Márta, 1976.

Thursday, 11th March, 1976.

1. Tionóladh an Fichiú cruinniú den Choiste ar 11.30 a.m. i Seomra 114.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Runaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


3. Gearán ón Aire Poist agus Telegrafa, an Teachta Conchúr Crús Ó Briain, maidir le Ráiteas a rinne Comhalta sa Dáil an 3 Márta, 1976.


Bhreithnigh an Coiste an gearán a rinne an tAire Poist agus Telegrafa, an Teachta Conchúr Crús Ó Briain, sa Dáil an 4 Márta, 1976, maidir le ráiteas a rinne an Teachta Ó Crualaoich sa Dáil an 3 Márta, á líomhnú gur iarchomhalta den Pháirtí Cumannach é an tAire.


Tar éis don Cheann Comhairle a chur in iúl don Choiste, mar fhreagra ar fhiafraí, go rabhthas in amhras faoin bpribhléid Bhunreachtúil a bhaineann le hurlabhra sa Dáil a bheith ag baint le hurlabhra sa Choiste, thairg an Teachta Easmann an tairiscint seo a leanas agus glacadh léi d’aonghuth:


“That this Committee ask the Government to introduce legislation to provide absolute privilege in relation to the proceedings and deliberations of the Committee.”


Chinn an Coiste breithniú breise ar an ngearán a cuireadh faoina bhráid a chur ar atráth go dtí go ndéanfaí an reachtaíocht sin a achtú.


4. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m.