Committee Reports::Report No. 46 - Foodstuffs, Packaging and Advertising etc.::09 December, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tograí an Choimisiúin


Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún le haghaidh Treoracha ón gComhairle faoi chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le


(a) Lipéadú, tíolacadh agus fógairt ábhair bhia lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh (R/898/76 agus R/2384/76); agus


(b) Raon cainníochtaí ainmniúla atá ceadaithe do tháirgí réamhphacáistithe áirithe (R/1945/76).


Tá togra R/898/76 (agus R/2384/76) bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE agus tá sé dírithe i dtreo comhfhogasú ar dhlíthe náisiúnta a imríonn ar fheidhmiú an Chómhargaidh. Go teicniúil, mar sin, tá sé ag iarraidh deireadh a chur le bacainní ar thrádáil laistigh den Chomhphobal, ach ina cheann sin tá sé d’aidhm aige an tomhaltóir a chosaint de réir an réamhchláir le haghaidh beartas cosanta agus faisnéise don tomhaltóir ar ghlac an Chomhairle leis ar an 14 Aibreán 1975.


Tá togra R/1945/76 bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE freisin agus leanann sé as dhá Threoir a glacadh cheana i dtaobh táirgí réamhphacáistithe, eadhon, 75/106/CEE a bhaineann le leachtanna réamhphacáistithe áirithe a dhéanamh suas de réir toirte agus 76/211 CEE a bhaineann le táirgí réamhphacáistithe áirithe a dhéanamh suas de réir meáchain nó de réir toirte.


2. Comhlachtaí a ndeachthas i gcomhairle leo


Maidir leis an dá thogra chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Cónaidhm Lucht Déanta Bianna, Deochanna agus Tobac atá ina roinn de Chónaidhm Thionscail na hÉireann. Chuaigh sé i gcomhairle freisin le Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann Teo. agus le Cumann Chéalaigh na hÉireann maidir leis na tograí faoi lipéadú (R/898/76 agus R/2384/76.)


Chuir na comhlachtaí sin dua mór orthu féin d’fhonn cabhrú leis an gComhchoiste agus tá buíochas mór ag dul dóibh.


B. LIPÉADÚ, TÍOLACADH AGUS FÓGAIRT

3. Ineachar an togra


Baineann an dréacht-Treoir le gach ábhar bia atá beartaithe a dhíol leis an tomhaltóir deiridh. Leagann sé síos rialacha ginearálta is inchurtha chun feidhme ar thíolacadh earraí, agus ar a bhfógairt, chun nach meallfaí an tomhaltóir. Sonraíonn sé na pointí eolais nach foláir a thabhairt sna lipéid ar tháirgí agus cuireann sé a thuilleadh leis an gceanglas sin trí rialacha sonracha a leagan síos maidir le cuid de na pointí sin, eadhon, an t-ainm faoina ndíoltar an táirge, na táthchodanna, an ghlanchainníocht agus an mharthanacht íosta. Má ghlactar leis an Treoir beidh de cheangal ar na Ballstáit, tar éis 2 bhliain, trádáil a cheadú in ábhair bhia a chomhlíonann forálacha na dréacht-Treorach agus tar éis 3 bliana cosc a chur le trádáil in ábhair bhia nach gcomhlíonann na forálacha sin.


4. Tuairimí Ginearálta an Chomhchoiste


Taobhaíonn an Comhchoiste leis an togra ó phrionsabal, á chreidiúint gur mhór an tairbhe é don tomhaltóir rialacha comhionanna a bheith i bhfeidhm ar fud an Chomhphobail. Tá roinnt barúlacha agus agús le cur in iúl aige i dtaobh gnéithe áirithe den togra. Nithe a thug Cónaidhm Lucht Déanta Bianna, Deochanna agus Tobac chun suntais don Chomhchoiste a thug chun solais iad. Mhol an Chónaidhm freisin cuid mhaith leasúcháin ar mhionphointí. Ní áil leis an gComhchoiste iad sin a lua sa tuarascáil seo ach, ós rud é gur cuireadh faoi bhráid na Roinne Tionscail agus Tráchtála iad, tá súil aige go mbreithneofar iad go cúramach.


5. Fógraíocht


Ós rud é go bhfuil Treoir ar leith á hullmhú cheana féin a bhaineann le cúrsaí fógraíochta amháin, thug Cónaidhm Lucht Déanta Bianna, Deochanna agus Tobac faoi cheist cad é an gá a bhí le haon tagairt don fhógraíocht sa togra seo. De mhalairt air sin, teastaíonn ón gCónaidhm nach mbeadh feidhm leis an toirmeasc ar fhógraíocht mhíthreorach ach amháin chun cosc a chur le fógraíocht a bheadh contrártha do na forálacha maidir le lipéadú agus tíolacadh earraí.


Ag féachaint don ré aimsire is dóigh a thógfadh sé an togra seo a chur i bhfeidhm, ní léir don Chomhchoiste cén fáth nach bhféadfaí déileáil leis an bhfógraíocht i dTreoir ar leith a thiocfadh i ngníomh tuairim an ama chéanna leis na forálacha don lipéadú agus don tíolacadh. Ba rud tromchúiseach é dar leis an gCoiste dá dtarlódh, de dheasca aon neamhréiteach idir an dá Threoir, go dtitfeadh caiteachas breise ar mhonaróirí na hÉireann.


6. Treoracha Ingearacha


De bhrí go mbaineann an dréacht-Treoir le hábhair bhia de gach uile shórt, tugtar “foráil chothrománach” uirthi ach ceaptar go dtiocfaidh ina dhiaidh “forálacha ingearacha” ón gComhphobal, gan feidhm acu ach amháin ar ábhair bhia shonraithe, a d’fhéadfadh méadú a thabhairt ar na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú, nó maolú teoranta orthu a cheadú. In éagmais na “bhforálacha ingearacha” sin, féadfaidh na Ballstáit cloí lena gceanglais bhreise féin maidir le lipéadú, nó féadfaidh siad maolú ar na forálacha ginearálta a iarraidh i gcás táirgí sonraithe.


Chuir an Chónaidhm i bhfios don Chomhchoiste go mbeidh costas an-mhór ag gabháil leis an Treoir a chur i ngníomh in Éirinn, i gcomparáid le Ballstáit is líonmhaire daonra, óir dá laghad a dtáirgtear de phacáistí is ea is mó an costas in aghaidh gach pacáiste díobh. Uime sin tá sé antábhachtach nach n-ardófaí go míchuí an méid a chosnóidh sé ar mhonaróirí Éireannacha an Treoir ghinearálta a chur i ngníomh le “Treoracha ingearacha” níos déanaí a d’fhéadfadh, i gcás táirgí sonraithe, faisnéis bhreise nó faisnéis níos lú nó faisnéis dhifriúil a éileamh. Is é tuairim na gCónaidhme gur cheart maoluithe ar an Treoir ghinearálta a cheadú i gcás táirgí a bhfuil “Treoracha ingearacha” á n-ullmhú dóibh, agus measann an Comhchoiste go bhfuil réasún leis an iarraidh sin.


7. An Tomhaltóir Deiridh


Tá sé ceaptha don dréacht-Treoir feidhm a bheith aici ar dhíol earraí leis an tomhaltóir deiridh agus tig sé i gceist an bhfuil a ndíol le hinstitiúdí ar nós forais lónadóireachta, scoileanna, ospidéil agus príosúin san áireamh. Ba mhaith leis an gCónaidhm nach mbeadh díolacháin den sórt sin san áireamh ach tugtar de chomhairle don Chomhchoiste gur dócha go bhfuil siad san áireamh. Níl an scéal saor ó amhras, áfach, agus measann an Comhchoiste gur cheart an scéal a shoiléiriú sa téacs.


8. Galar Céalach


Bhí caoi ag comhaltaí den Chomhchoiste an fhadhb ar leith a bhaineann le daoine a bhfuil an galar céalach orthu a phlé le hionadaithe ó Chumann Chéalaigh na hÉireann. Is dócha go bhfuil timpeall 15,000 céalach sa tír seo, agus is éigean dóibh siúd staonadh go hiomlán ó aon táirge ina bhfuil glútan, substaint a fhaightear i gcruithneacht, in eorna, i gcoirce agus i seagal. Déanann glútan dochar do shláinte na ndaoine sin agus cuireann sé iad i gcontúirt seachghalair, ailse san áireamh. Tá mórán ábhar bia ann arbh fhéidir go mbeadh, nó nach mbeadh, glútan iontu agus tá sé fíorphráinneach go mbeadh a fhios ag céalaigh cad iad na táirgí atá saor ó ghlútan agus cad iad na cinn nach bhfuil. Ní féidir é sin a thabhairt i gcrích i gcás ábhar bia pacáistithe ach amháin trína chur in iúl ar an lipéad cé acu atá, nó nach bhfuil, an táirge saor ó ghlútan. Tá an Cumann á iarraidh go tréan go gcuirfí foráil sa Treoir atá beartaithe chun go mbeadh sin éigeantach. Chuir Cumann na gCéalach faoi bhráid an Chomhchoiste cás a chuaigh i gcion go mór air, agus tá sé lánsásta anois gur gá cosaint speisialta do dhaoine céalacha. Dá réir sin molann sé go leasófaí an Treoir atá beartaithe ionas go gcaithfeadh monaróirí a chur in iúl cé acu atá, nó nach bhfuil, glútan ina dtáirgí, agus ina theannta sin go mbeadh reachtaíocht bhaile i bhfeidhm chun déileáil le táirgí pacáistithe ó thíortha nach Ballstáit iad.


9. Feidhmiú


Chuir an Roinn Tionscail agus Tráchtála in iúl don Chomhchoiste go bhfuil socrú i dtaobh mórán de na cúrsaí lena mbaineann an Treoir déanta cheana féin i reachtaíocht atá faoi riaradh na Roinne sin, na Roinne Sláinte, agus na Roinne Talmhaíochta agus lascaigh.


Measann an Comhchoiste gur cheart, má ghlactar léi, an Treoir a chur i bhfeidhm in aon ionstraim bhaile amháin a dhéanfadh freisin aisghairm shonrach ar aon fhorálacha contrártha di atá ar marthain.


B. RAON NA dTOISÍ

10. Ineachar na dTograí


Ag cuid de na Ballstáit tá dlíthe chun caighdeánú a thabhairt ar na pacáistí ina ndíoltar táirgí. Is é is cuspóir dóibh cosc a chur le méadú praghais a cheilt trí thoirt an phacáiste a athrú, agus caoi a thabhairt do cheannaitheoirí ar chóimheas a dhéanamh go héasca idir táirgí iomaíocha.


Féachann an dréacht-Treoir leis na dlíthe sin a chomhchuibhiú trína shocrú nach bhféadfaidh dlíthe náisiúnta cosc a chur le táirgí réamhphacáistithe a chomhlíonann forálacha na Treorach a dhíol i mBallstát ar bith. Tá na táirgí lena mbaineann an togra leagtha amach sna trí Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréacht agus áirítear orthu na gnáthábhair bhia, péinteanna, gliúnna, glanadóirí agus cosmaidí. Beartaítear leis an dréacht-Treoir caighdeánú a thabhairt ar mhéid na gcoimeádán ina bpacáistítear na táirgí sin, cibé acu is stáin, coimeádáin ghloine, boscaí cairtchláir nó aerasóil iad, mar réamhchoinníoll chun saoirse ghluaiseachta a áirithiú do na táirgí sin laistigh den Chomhphobal.


11. Tuairimí an Chomhchoiste


Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an togra seo agus measann sé go dtuilleann sé tacaíocht.


Mar gheall ar an imní a chuir Cónaidhm Lucht Déanta Bianna, Deochanna agus Tobac in iúl, ba mhaith leis an gComhchoiste a rá gur tugadh de chomhairle dó nach bhfuil sa dréacht-Treoir aon srianta ar mhargú earraí nach gcomhlíonann a forálacha, ach gurb é amháin a leagtar síos inti nach bhféadfaidh Ballstáit allmhairiú agus díol pacáistí a chomhlíonann iad a dhiúltú ná a thoirmeasc ná a shrianadh.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste


9 Nollaig, 1976.