Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::29 June, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

Dé Máirt, 29 Meitheamh, 1976.

Tuesday, 29th June, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Stráinse, Seán Ó Laoghaire, Mac Páidin agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Alt 29.


Tairgeadh an Cheist arís:—


“Go bhfanfaidh an t-alt, mar a leasaíodh, mar chuid den Bhille.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


(ii) Alt 30.


Cuireadh an Cheist “Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille”: rinne an Coiste vótáil: Tá, 6; Níl, 6.


Tá:—An tAire Tailte, na Teachtaí Esmonde, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Stráinse agus Mac Páidín.


Níl:—Na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Ó hEochaidh, Ó Ceit, Séan Ó Laoghaire agus Ó Tonnaigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhtas tar éis diúltú don Cheist.


(iii) Aontaíodh ailt 31 agus 32.


(iv) Alt 33.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 28, subsection (2), to delete ‘or trap gun’ from line 21.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(v) Aontaíodh ailt 34 go 36 go huile.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 11 a.m., Déardaoin, 1 Iúil, 1976.