Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::01 July, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

Déardaoin, 1 Iúil, 1976

Thursday, 1st July, 1976

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Stráinse, Seán Ó Laoghaire, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 37 agus 38.


(ii) Alt 39.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 31, subsection (1) (b), line 37, to delete ‘or a designation order’ and substitute ‘,a designation order or an agreement under section 18 of this Act’.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 31, subsection (1) (ii), line 45, to delete ‘or a recognition order’ and substitute ‘, a recognition order or an agreement under the said section 18’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iii) Alt 40.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist:— “Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


(iv) Aontaíodh ailt 41 go 43 go huile.


(v) Alt 44.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 35, subsection (4), line 36, to delete ‘An’ and substitute ‘Summary proceedings for an’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 3.45 p.m. Dé Céadaoin, 20 Deireadh Fómhair, 1976.