Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::26 October, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

Dé Máirt, 26 Deireadh Fómhair, 1976.

Tuesday, 26th October, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.50 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Stráinse, Seán Ó Laoghaire, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 55 go 58 go huile.


(ii) Alt 59.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 47, subsection (1), to insert ‘in accordance with the regulations’ after ‘use’ in line 45.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 49, subsection (8) (c), to insert ‘or if it otherwise ceases to hold the land in respect of which the regulations were made’ after ‘dissolved’ in line 10.”


Aontaíodh an leasú.


Cuireadh an Cheist “Go bhfanfaidh an t-alt, mar a leasaíodh, mar chuid den Bhille”: rinne an Coiste vótáil: Tá, 5; Níl, 5.


Tá:—An tAire Tailte, na Teachtaí Esmonde, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith agus Stráinse.


Níl:—Na Teachtaí Ó Dálaigh, Ó hEochaidh, Ó Ceit, Seán Ó Laoghaire agus Ó Tonnaigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhtas tar éis diúltú don Cheist.


(iii) Aontaíodh ailt 60 go 62 go huile.


(iv) Alt 63.


Tairgeadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Tharla Díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.30 p.m. go dtí 3.45 p.m. Dé Máirt, 2 Samhain, 1976.