Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::22 June, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

22 Meitheamh, 1976

22nd June, 1976

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Stráinse, Seán Ó Laoghaire, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 14 agus 15.


(ii) Alt 16.


Cuireadh an Cheist: “Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille”: rinne an Coiste vótáil: Tá, 5; Níl, 6.


Tá:—An tAire Tailte, na Teachtaí Esmonde, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith agus Mac Páidín.


Níl:—Na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Ó hEochaidh, Ó Ceit, Seán Ó Laoghaire agus Ó Tonnaigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhtas tar éis diúltú don Cheist.


(iii) Alt 17.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 16, subsection (10), to insert ‘, as amended by subsequent enactments,’ after ‘the Act of 1919’ in line 42.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iv) Aontaíodh ailt 18 go 20 go huile.


(v) Alt 21.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 18, subsection (5), lines 35 and 36, to delete ‘scientific or educational purposes’ and substitute ‘such scientific, educational or other purposes as shall be specified in the licence’.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 19, subsection (7), to insert ‘lawfully’ before ‘imported’ in line 3.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(vi) Alt 22.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 20, subsection (5), lines 21 and 22, to delete paragraph (a) and substitute the following new paragraphs:


(a) while engaged in ornithology wilfully to disturb a protected wild bird, or


(b) while so engaged or engaged in agriculture, fishing or forestry unintentionally to injure or kill a protected wild bird, or’.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 21, between lines 8 and 9, to insert the following new subsection:


‘(7) In any proceedings for an offence under this section in which it is alleged that the defendant wilfully disturbed a protected wild bird described in subsection (4) (e) of this section, it shall not be necessary for the prosecution to prove that at the time of the alleged offence the defendant was not engaged in ornithology’.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 21, between lines 8 and 9, to insert the following new subsection:


‘(8) Proceedings for an offence under this section may be taken in any District Court District, and in case such proceedings are taken and apart from this section the Justice before whom the proceedings are brought would not have jurisdiction to hear and determine the proceedings, then for the purpose of conferring such jurisdiction the offence may be treated as having been committed within the District Court District to which such Justice is assigned’.”


Tharla Díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.10 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Céadaoin, 23 Meitheamh, 1976.