Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::15 June, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

Dé Máirt, 15 Meitheamh, 1976

Tuesday, 15th June, 1976

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Stráinse, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Alt 7.


Tairgeadh an Cheist aris:—“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá 7; Níl, 4.


Tá:—An tAire Tailte, na Teachtaí Barra Deasún, Esmonde, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Stráinse agus Mac Páidín.


Níl:—Na Teachtaí Ó Dálaigh, Ó hEochaidh, Ó Ceit agus Ó Tonnaigh.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú glacadh leis an gCeist.


(ii) Alt 8.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 8, subsection (2), to insert ‘(other than a purchase order within the meaning of section 55 of this Act)’ before ‘made’ in line 53.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 9, subsection (4), to insert ‘by the Minister, other than an order under section 1 (2) or a purchase order within the meaning of section 55 of this Act,’ after ‘Act’ in line 6.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh ailt 9 go 12 go huile.


(iv) Alt 13.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist:— “Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 3.45 p.m. Dé Máirt, 22 Meitheamh, 1976.