Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::11 May, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

Dé Máirt, 11 Bealtaine, 1976

Tuesday, 11th May, 1976

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Stráinse, Seán Ó Laoghaire agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


Chrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh alt 1.


(ii) Alt 2.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 7, subsection (3), to insert ‘and includes engaging in taxidermy in respect of such birds or animals’ after ‘animals’ in line 49.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh ailt 3 go 6 go huile.


(iv) Alt 7.


Tairgeadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Tharla Díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.05 p.m. go dtí 4 p.m., Dé Máirt, 13 Bealtaine, 1976.