Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::09 November, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE

Dé Máirt, 9 Samhain, 1976.

Tuesday, 9th November, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Esmonde (sa Chathaoir), an tAire Tailte, na Teachtaí Ó Braonáin, Ó Dálaigh, Barra Deasún, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Ó Cionaith, Ó Ceit, Lionard,* Stráinse, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. An Bille a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh alt 75.


(ii) Alt 76.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 59, subsection (1), to insert ‘or product’ after ‘part’ in line 3.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh ailt 77 agus 78.


(iv) Aontaíodh an Chéad Sceideal.


(v) An Dara Sceideal.


Tairgeadh leasú (An tAire Tailte):


“In page 61, to substitute ‘of the Minister for the Public Service’ for ‘to the Minister for the Public Service’ in Article 4.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an Sceideal, mar a leasaíodh.


(vi) Aontaíodh an Tríú Sceideal.


(vii) An Ceathrú Sceideal.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó hEochaidh):


“In Part II, page 65, before ‘Pine Marten’ to insert ‘Hybrid Red Deer’.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Aontaíodh an Sceideal.


(viii) Aontaíodh an Cúigiú Sceideal.


(ix) Aontaíodh an Teideal.


4. Tuarascáil an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil faoi bhráid an Choiste agus léadh í mar a leanas:—


“The Special Committee has considered the Bill and has made amendments thereto. The Bill, as amended, is reported to the Dáil.”


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


5. Deireadh an Ghnó.


Chuir an Coiste deireadh lena ghnó ar 5.15 p.m.


*Ghlac an Teachta Lionard ionad an Teachta Ó Ceit [B.O. 70 (2)].