Committee Reports::Report - Misuse of Drugs Bill, 1973 ::16 June, 1976::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

30 Iúil, 1975:—Ordaíodh, Go n-ur-scaoilfear Ordú an 12 Meitheamh, 1975, ón Dáil go ndéanfar an Bille um Mí- Úsáid Drugaí, 1973, a bhreithniú i gCoiste den Dáil uile; go ndéanfar an Bille um Mí-Úsáid Drugaí, 1973 a chur faoi bhráid Coiste Speisialta ar a mbeidh cúig Chomhalta dhéag a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta;


Gur seisear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den choiste an Chéadaoin is túisce i ndiaidh an ationóil tar éis Sos an tSamhraidh [An tAire Sláinte].


28 Deireadh Fómhair, 1975:—Ainmníodh dá réir sin Coiste arb iad atá air na Teachtaí Beircheart Brioscú, Aodh Ó Broin, Brendán Mac Fheórais (An tAire Sláinte), Barra Deasún, Seán Esmonde, Aodh Mac Giobúin, Cathal Ó hEochaidh, Bríd Ní Ógáin Uí Uiginn, Liam Ó Lachtnáin, Ciarán Ó Murchú, Fearghas Ó Briain, Seán Ó Conaill, Deasún Ó Máille, Breandán Ó Tuathail agus Piaras de Uidheas.