Committee Reports::Report - Wildlife Bill, 1975::09 November, 1976::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

7 Aibreán, 1976:—Ordaíodh: Go n-ur-scaoilfear Ordú an 4 Feabhra, 1976, ón Dáil go ndéanfar an Bille um Fhiadhúlra, 1975, a bhreithniú i gCoiste den Dáil uile; go ndéanfar an Bille um Fhiadhúlra, 1975, a chur faoi bhráid Coiste Speisialta ar a mbeidh trí Chomhalta dhéag a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta;


Gur seisear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den choiste an 27 Aibreán, 1976 [An tAire Tailte].


8 Aibreán, 1976:—Ainmníodh dá réir sin Coiste arb iad atá air na Teachtaí Seosamh Ó Braonáin, Brendán Ó Dálaigh, Barra Deasún, Seán Esmonde, Tomás Mac Giolla Phádraig (An tAire Tailte), Bríd Ní Ógáin Uí Uiginn, Éanna Ó Cionnaith, Micheál Ó Ceit, Noel Lemass*, Gearóid Stráinse, Seán Ó Laoghaire, Séamus Mac Páidín agus Séamus Ó Tonnaigh.


* D’eag an 13 Aibreán, 1976; an Teachta Cathal Ó hEochaidh ina ionad.