Committee Reports::Report - Amendment to Standing Order providing for attendance of the Attorney General::12 March, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Bhreithnigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí cás Ard-Aighne ab fhéidir dó de bhua a bheith ina chomhalta de Dháil Éireann bheith i mbun Bille Rialtais le linn a ghabhála tríd an Teach sin nó cúram eile a bheith air i ngnó Rialtais a thiocfadh faoi bhráid ceachtar Teach.


2. Measann an Coiste gur chóir sna himthosca sin an ceart céanna a thabhairt don Ard-Aighne chun bheith i láthair agus éisteacht a fháil i Seanad Éireann a thugtar do Rúnaí Parlaiminte atá ina chomhalta de Dháil Éireann.


3. Dá réir sin molann an Coiste go ndéanfaí Buan-Ordú 45 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí a leasú trí “Rúnaí Parlaiminte nach comhalta den Seanad” a scriosadh agus “Rúnaí Parlaiminte nó Ard-Aighne is comhalta den Dáil” a chur ina ionad.


(Sínithe) SÉAMAS Ó DÚBHAIGH,


Cathaoirleach.


12 Márta, 1975.