Committee Reports::Report - Amendment to Standing Order to provide for attendance of Minister of State::30 November, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Tá an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí tar éis na nithe seo a leanas a shonrú:—


(i) go bhfuil an dá Theach tar éis an Bille Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 a rith lena ndéantar socrú Airí Stáit a cheapadh agus deireadh a chur le hoifig Rúnaí Parlaiminte; agus


(ii) téarmaí Bhuan-Ordú Uimh. 45 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí a fhorálann inter alia go bhféadfaidh Rúnaí Parlaiminte bheith i láthair agus eisteacht a fháil le linn céimeanna éagsúla aon Bhille nó le linn na díospóireachta ar aon ní eile.


2. Molann an Coiste, ar an mBille a bheith achtaithe, go leasofar Buan-Ordú Uimh. 45 trí na focail “Rúnaí Parlaiminte” a scriosadh agus “Aire Stáit” a chur ina n-ionad agus dá réir sin gur mar a leanas a léifí an Buan-Ordú:


“45. Féadfaidh Aire Stáit ná Ard-Aighne is comhalta den Dáil bheith i láthair agus éisteacht a fháil le linn céimeanna éagsúla aon Bhille nó le linn na díospóireachta ar aon ní eile.”


(Sínithe) SÉAMUS Ó DÓLÁIN.


Cathaoirleach.


30 Samhain, 1977.