Committee Reports::Report No. 19 - Forestry, Financial Measures to Aid::10 December, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Bhreithnigh an Comhchoiste togra leasaithe le haghaidh Treoir ón gComhairle (R/1131/75) ar bhearta foraoiseachta a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 23 Aibreán, 1975. Chuir an Coimisiún an togra bunaidh le haghaidh Treoir (R/559/74) chuig an gComhairle an 26 Feabhra, 1974, ach tar éis comhairle a ghlacadh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialach chinn sé ar a chumhachtaí faoi Airteagal 149 de Chonradh CEE a fheidhmiú agus a thogra bunaidh a leasú.


2. Foraoiseacht agus an Comhbheartas Talmhaíochta

Chinn Comhairle na nAirí, trí rún an 25 Bealtaine, 1971 i dtaobh treoirlínte nua don chomhbheartas talmhaíochta, glacadh, ar thogra ón gCoimisiún, le bearta chun foraoisiú a chur chun cinn. Is de thoradh an chinnte sin a rinneadh an togra atá á scrúdú anois. Is é is garsprioc do na bearta atá molta feabhas a thabhairt ar struchtúir i gcúrsaí talún agus cabhrú dá réir sin chun aidhmeanna an chomhbheartais talmhaíochta a bhaint amach. Ar dhóigh níos leithne is é is aidhm do na bearta atá molta feidhm níos éifeachtaí a bhaint as talamh ina bhfuil an fhoraoiseacht, an talmhaíocht agus an timpeallacht ag cur le chéile.


Meastar go gcuideoidh an fhoraoiseacht le hathchóiriú a thabhairt ar struchtúir i gcúrsaí talún trí fhostaíocht a chur ar fáil mar a bhfuil deiseanna fostaíochta sa talmhaíocht ag dul i dteirce agus trí thalamh nach bhfuil oiriúnach ná riachtanach a thuilleadh le haghaidh talmhaíochta a chur chun tairbhe. Sa síneadh fada, ba chabhair do gheilleagar na mBallstát táirgeadh an adhmaid mar gur allmhaireoirí táirgí foraoiseachta go bunúsach na Ballstáit go léir. Mar bhuille scoir, cuireann tograí an Choimisiúin in iúl go speisialta gur mór é tairbhe na bhforaoisí mar áis thaitneamhachta don phobal agus go mbaineann tábhacht leo don timpeallacht i gcoitinne.


3. Réim na Treorach atá Beartaithe

Chuirfeadh an Treoir atá beartaithe iallach ar Bhallstáit córas cúnaimh airgeadais a bhunú chun cabhrú le (a) foraoisiú i limistéir thalmhaíochta bunchineáil agus i limistéir neamhshaothraithe; (b) talamh coille lagtháirgiúil a fhorbairt; (c) criosanna fothana a bhunú; (d) bóithre foraoise a dhéanamh agus a fheabhsú; agus (e) saoráidí caitheamh aimsire a chur ar fáil. Cheadódh an togra an cúnamh a thabhairt i modh deontais nó mar airgead greasachta nó mar fhóirdheontais úsmhara, nó trí aon dá cheann nó níos mó díobh sin le chéile. Bheadh cúnamh le fáil as láithreán a ullmhú, agus draenáil agus leasú talún san áireamh, as plandaí agus síolta a sholáthar agus mar ranníoc i leith an chostais a bhaineann leis an bplandáil agus an síolchur, as bearta cothabhála agus cosanta (go ceann tréimhse ocht mbliana), as bóithre foraoise a dhéanamh agus a fheabhsú agus chun saoráidí caitheamh aimsire a bhunú e.g. cosáin agus ionaid phicnice.


Tá socrú le déanamh chun go n-athbhreithneofaí oibriú na dtograí tar éis cúig bliana agus tá sé ceaptha go mbeidh na bearta curtha i gcrích faoi cheann deich mbliana.


4. Tograí Mionchruinne

Bheadh na forálacha seo a leanas i dtograí leasaithe an Choimisiúin:—


(a) Maidir le foraoiseacht phríobháideach, bheadh ar Bhallstáit cúnamh nach lú ná 60% ná nach mó ná 90% de chostas na n-oibríochtaí a luaitear san alt roimhe seo den tuarascáil seo a chur ar fáil. Ní bheadh an cúnamh sin ar fáil chun íoc as costas talún ach bheadh de rogha ag Ballstáit deontas caipitiúil a íoc le haghaidh foraoisiú ar thalamh talmhaíochta bunchineáil agus ar thalamh neamhshaothraithe ach gan dul thar 240 aonad cuntais an heachtáir (2.5 acra) má bhí an talamh sin á húsáid roimhe sin le haghaidh talmhaíochta ar feadh deich mbliana ar a laghad;


(b) Bheadh na Ballstáit i dteideal an cúnamh a athrú laistigh de na teorainneacha a luaitear agus ó réigiún go réigiún de réir chritéir iomchuí eile e.g. an speiceas crann atá le cur. D’fhéadfaí cúnamh fabhrach a thabhairt i gcás iarratas a dhéanamh go comhpháirteach in ionad iarratas aonarach;


(c) Bheadh ar thairbhithe gealltanas a thabhairt nach rachfaí i mbun talmhaíochta ar na tailte sin go ceann deich mbliana eile ar a laghad;


(d) 25% a bheadh le ranníoc ag an gComhphobal i gcoitinne i leith an chostais ach uasrátaí áirithe ranníoca a bheith ann i gcás bearta áirithe;


(e) Maidir le foraoiseacht Stáit ní bheadh ranníoc ar fáil ón gComhphobal ach amháin le haghaidh (i) saoráidí caitheamh aimsire agus (ii) foraoisiú más lú ná 2% d’achar iomlán na talún in aon limistéar an méid talamh coille nach bhfuil ar seilbh nó ar léas ag an Stát;


Bheadh daoine a dhíolfadh talamh leis an Stát le haghaidh foraoiseachta i dteideal 240 aonad cuntais an heachtáir de chaipiteal roghnach a fháil freisin dá mbeadh an deontas seo ar fáil sa tír seo. Go feadh an mhéid sin bheadh 25% den chostas talamh-cheannaigh a thitfeadh ar an Stát le fáil ón gComhphobal mar dheontas.


Is díol spéise é a thabhairt chun suntais go gceadódh an fhoráil a luaitear faoi (ii) thuas fóirdheontais ón gComhphobal le haghaidh foraoisiú ag an Stát in Éirinn ach nach mbeidh sin le fáil in aon áit eile.


(f) Talamh nach ndearnadh talmhaíocht uirthi ar feadh deich mbliana ar a laghad is gá a bheith i ⅔ de limistéar gach tionscadail agus 4/5 de limistéar na dtionscadal go léir in aon bhliain áirithe; agus


(g) Ní mór an limistéar atá le húsáid le haghaidh foraoiseachta a bheith mór go leor chun caighdeán réasúnta bainistíochta a chomhlíonadh.


5. Foraoiseacht Stáit

Faoi thogra bunaidh an Choimisiúin, bheadh mhórchuid den talamh i seilbh nó ar léas ag an Stát fágtha as an áireamh maidir le cúnamh ón gComhphobal. Bheadh cúnamh ar fáil, áfach, chun saoráidí caitheamh aimsire a chur ar fáil agus dá dtogródh an Stát na deontais sin a íoc go ginearálta, bheadh ranníoc ón gComhphobal iníoctha i leith 200 aonad cuntais an heachtáir de dheontas caipitiúil as talamh a dhíol leis an Stát i gcomhair foraoisiú má bhí an talamh sin á húsáid roimhe sin le haghaidh talmhaíochta ar feadh deich mbliana ar a laghad.


Sa tuarascáil a d’eisigh Coiste Talmhaíochta Pharlaimint na hEorpa ar an Treoir bhunaidh, taobhaíodh leis an moladh go bhfágfaí foraoiseacht Stáit as an áireamh ar na fáthanna seo a leanas:—


(a) tá formhór na talún sa Chomhphobal a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh foraoiseachta ar seilbh nó ar léas ag feirmeoirí príobháideacha nó ag comhlachtaí poiblí seachas an Stát;


(b) gabhann ard-leibhéal bainistíochta le tailte an Stáit i gcoitinne agus dá bhrí sin níor chóir a bheith ag dúil le cúnamh breise ina leith as acmhainní airgeadais an Chomhphobail, agus


(c) níor socraíodh riamh cheana cúnamh airgeadais a chur ar fáil go díreach do na Ballstáit ón gComhphobal.


Cibé mar atá an scéal sa Chomhphobal i gcoitinne, ní aontaíonn an Comhchoiste gur fíor na tátail sin i gcás na hÉireann. In Éirinn is beag an cion de na foraoisí atá ar seilbh go príobháideach. Is leis an Stát 90% dár bhforaoisí agus is é a dhéanann 95% den phlandáil. Maidir leis an bhfáth atá luaite faoi (b) thuas, dhealródh sé, cé gurb í an aidmh breis talún a thabhairt chun foraoiseachta, go measann an Coiste Talmhaíochta gur fearr an fóirdheontas ón gComhphobal a chur ar fáil d’fhoraoiseacht den dara grád ná d’fhoraoiseacht den chéad scoth.


Sa togra leasaithe ón gCoimisiún coinníodh na forálacha bunaidh i dtaobh foraoisiú ag an Stát, agus ardaíodh an deontas caipitiúil roghnach go dtí 240 aonad cuntais an heachtáir. Lena chois sin bheadh fóirdheontas le fáil i gcomhair foraoisiú ag an Stát i limistéir thalmhaíochta bunchineáil agus neamhshaothraithe i gcás réigiúin inar lú ná 2% den talamh go léir an talamh coille nach bhfuil ar seilbh nó ar léas ag an Stát. Cheadódh an fhoráil dheiridh fóirdheontais i gcomhair foraoisiú ag an Stát in Éirinn ach ní cheadódh sí fóirdheontais i gcás aon rannpháirtíocht ag an Stát in athstocáil talamh coille neamhthorthúil nó lagtháirgiúil, i mbunú agus i bhfeabhsú criosanna fothana agus i ndéanamh agus i bhfeabhsú bóithre foraoise.


Tuigeann an Comhchoiste gur fearr, ó thaobh na hÉireann de, an togra leasaithe ón gCoimisiún, ach ba mhaith leo a ndíomá a chur i bhfios faoi na srianta a cuireadh ar chúnamh d’fhoraoiseacht Stáit i gcoitinne. Is trua leis go háirithe gur fágadh bóithre foraoise as an áireamh.


6. Talamh lena mbaineann an Togra

Sa togra bunaidh bhíothas i bhfách go mór le talamh a scaradh ó thalmhaíocht. Bheadh cúnamh le fáil le haghaidh foraoisiú ar thalamh talmhaíochta agus ar thalamh neamhshaothraithe. Faoin togra leasaithe maolaíodh an bhéim áirithe sin agus beidh cúnamh le fáil anois le haghaidh foraoisiú ar thalamh talmhaíochta bunchineáil agus ar limistéir neamhshaothraithe atá fóirsteanach don fhoraoiseacht.


Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an leasú seo mar gur gá é i gcás na hÉireann.


7. Tátail an Chomhchoiste

Taobhaíonn an Chomhchoiste go tréan, ó thaobh an gheilleagair agus na timpeallachta de, le foraoisiú ar thalamh bunchineáil nó ar thalamh nach n-úsáidtear le haghaidh talmhaíochta. I láthair na huaire níl aon chúlra láidir foraoiseachta againn san earnáil phríobháideach agus creideann an Comhchoiste go mbeadh tairbhe le baint as forbairt ar an bhforaoiseacht phríobháideach dá mbeadh sin ag luí isteach le clár foraoiseachta an Stáit.


Bhreithnigh an Comhchoiste go cúramach aon drochthionchar a d’fhéadfadh an ghreasacht i leith foraoiseacht phríobháideach a imirt ar chlár foraoiseachta an Stáit. Tá réim an chúnaimh atá ceaptha a thabhairt ard go maith agus d’fhéadfaí a áiteamh, b’fhéidir, go meallfadh sé infheistíocht sa chaoi go laghdófaí soláthar na talún ar dhóigh a chuirfeadh as go mór do chlár foraoiseachta an Stáit. Rud eile, d’fhéadfaí a cheapadh go rachadh an infheistíocht sin cun dochair d’fhóirdheontais i gcomhair foraoisiú ag an Stát as cistí an Chomhphobail toisc go mbeadh an cúnamh sin ag brath ar chuid ba lú ná 2% den limistéar talún iomlán i réigiún a bheith ina thalamh coille nach bhfuil ar seilbh ná ar léas ag an Stát.


Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil claonadh ann faoi láthair talamh bunchineáil nó neamhshaothraithe a chur le talmhaíocht tháirgiúil. Ach d’ainneoin an leibhéil aird chúnaimh atá molta, ní mheasann an Comhchoiste go gcuirfeadh an Treoir, má ghlactar léi, as go mór don chlaonadh sin.


Maidir leis an dara hábhar míshásaimh a d’fhéadfadh a bheith ann, tuigtear don Chomhchoiste nach bhfuil go fiú 1% de limistéar iomlán na talún sa tír seo ina thalamh coille atá i seilbh phríobháideach faoi láthair agus ní mheasann sé go sroichfí 2% sna deich mbliana atá i gceist sa Treoir.


Tá an Comhchoiste tagtha ar an tuairim, dá bhrí sin, go bhféadfadh an Stát daoine príobháideacha a ghríosadh chun leas a bhaint as na sochair a ghabhann leis an Treoir atá beartaithe gan dochar a dhéanamh dá chlár féin. Dá bhrí sin, má ghlactar leis an Treoir, d’iarrfadh an Comhchoiste ar an Rialtas aird an phobail a tharraingt, trí fhógraíocht leitheadach a dhéanamh ar an greasachtaí, ar an tairbhe go léir a bhaineann le plandáil crann agus le criosanna fothana a chur ag fás ar ghabhaltais phríobháideacha agus a áirithiú go ndéanfaí an obair ar dhóigh a bheadh ag cur le scéimh na tuaithe. Ba mhór an buntáiste é freisin dá n-iarrfaí ar dhaoine crainn inlomtha a chur.


I gcás dálaí airgid a bheith i gceart, bheadh an Comhchoiste i bhfabhar na deontais a shocrú ar na rátaí is airde is féidir. Níor chóir go mbeadh an caiteachas iomlán an-mhór ach is éachtach ar fad an tairbhe a bheadh le fáil as.


Is intuigthe go mbeidh tuilleadh breithnithe á dhéanamh ag an gCoiste um Struchtúir Thalmhaíochta agus go mbeidh ionadaithe na hÉireann ag tathant go ndéanfaí a thuilleadh leathnaithe ar scéim fhóirdheontas an Chomhphobail i gcomhair foraoisiú ag an Stát. Is é dearcadh an Chomhchoiste go bhfuil bonn maith leis an éileamh go mbeadh an cúnamh sin le fáil freisin chun bóithre foraoise a dhéanamh agus a fheabhsú.


Tá buntáiste cinnte amháin a mheasann an Chomhchoiste a theacht as feidhmiú an togra, is é sin, go mbeadh saoráidí caitheamh aimsire níos iomadúla agus níos fearr ar fáil sna foraoisí Stáit. Ina theannta sin, is ábhar sásaimh dó a thuiscint go n-áireofaí bearta le cur in aghaidh tinte foraoise san obair chothabhála agus go mbeadh cúnamh le fáil chuige sin ón gComhphobal.


Mar bhuille scoir, tugann an Comhchoiste dá aire nach foláir na limistéir atá le húsáid le haghaidh foraoiseachta a bheith mór go leor mar aonaid chun caighdeán réasúnach bainistíochta a bhaint amach. Dar leis go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach mbeidh aon limistéar áirithe a bheadh rómhór chun cúnamh a thabhairt faoin Treoir d’úinéirí talún in Éirinn ar áireamh sa Treoir sin. Ní bheadh achar íosta os cionn 5 acra sásúil.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


10 Nollaig, 1975.