Committee Reports::Report No. 19 - Forestry, Financial Measures to Aid::10 December, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 10 Nollaig, 1975

Wednesday, 10th December, 1975

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gceannas), Deasún, Dockrell, Easmann, Mac Giobúin, Hoireabard agus Ó Nualláin; na Seanadóirí Ó Beoláin, Bean Mhic Roibín agus Ó Riain. Fuarthas leithscéal ó na Teachtaí Ó Duinn agus Ó Droighneáin faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Thogra le haghaidh Treoir ón gComhairle ar Bhearta Foraoiseachta.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 6 go huile.


(ii) Mír 7.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Ó Riain):


“In the first sub-paragraph to delete ‘and did not disrupt’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuarisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.10 p.m.