Committee Reports::Report No. 17 - Sheepmeat Transitional Common Organisation of the Market in::10 December, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Scrúdaigh an Comhchoiste an togra le haghaidh Rialacháin ón gComh- airle i dtaobh comheagrú idirthréimhseach ar an margadh caoireola (R/2274/75). Ó tharla go bhfuil an Rialachán atá beartaithe le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir, 1976, tá iarrtha ag an gCoimisiún ar an gComhairle gníomhú maidir leis an togra roimh an dáta sin.


Roimh mhionscrúdú a dhéanamh ar an Rialachán beartaithe is mian leis an gCoiste ar dtús léiriú a thabhairt ar na gnáthdhálaí margaidh sa Chomhphobal in earnáil na caoireola agus tagairt a dhéanamh do na nithe atá ag cur as don trádáil sin faoi láthair.


2. An Trádáil sa Chomhphobal

Tá an trádáil sa Chomhphobal bunaithe go formhór ar onnmhairí chun na Fraince ón Ríocht Aontaithe, ón Ísiltír agus ó Éirinn agus chun na Ríochta Aontaithe ó Éirinn. Soláthraíonn onnmhairí na Breataine agus na hÉireann isteach is amach le 10 faoin gcéad agus 25 faoin gcéad, faoi seach, den táirgeadh náisiúnta bliantúil. Cé gur tháinig laghdú le blianta beaga anuas ar allmhairí ó thríú tíortha tá an Comhphobal i gcoitinne ag brath go trom fós ar allmhairí. As an Nua-Shéalainn 80 faoin gcéad de na hallmhairí sin a thig chun an Chomhphobail tríd an Ríocht Aontaithe.


3. Bearta Cosanta atá ann

Sa Fhrainc, tá eagraíocht náisiúnta margaíochta ar bun. Faoin eagra- íocht sin ní cheadaítear caoireoil reoite a allmhairiú ach ar feadh gearr- thréimhsí as tíortha nach baill iad, agus ní cheadaítear caoirigh bheo ná feoil seachas feoil reoite a allmhairiú ach amháin nuair a bhíonn an praghas ar an margadh inmheánach níos airde ná praghas táirsí áirithe. Ina theannta sin, déantar muirear frithchúitimh, a athraíonn de réir an phraghais ar mhargadh baile na Fraince, a thobhach ar allmhairí. Cead- aíonn an Fhrainc freisin, faoi réir cuóta, caoirigh lomfheolacha a all- mhairiú isteach sa chríoch lena reamhrú.


D’fhonn neartú le táirgeadh caorach, tugann an Fhrainc freisin cúnamh táirgíochta de chineálacha áirithe do lucht tógála caorach a bhfuil baint acu le grúpaí tairgeoirí aitheanta.


Saoradh allmhairí chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine mar thriail i Samhain, 1972, agus níl aon srian cainníochtúil ar allmhairí sna Ballstáit eile den Chomhphobal ina chomhdhéanamh bunaidh.


Níl aon srian ar allmhairí sna Ballstáit nua. Sa Ríocht Aontaithe, áfach, déantar an táirgeadh náisiúnta a chosaint trí phraghas ráthaithe a shocrú a luaithe a thiteann an praghas margaidh faoin bpraghas sin. Faigheann na táirgeoirí an difear mar íocaíocht easnaimh. Sa Ríocht Aontaithe freisin, íoctar fóirdheontais go díreach le táirgeoirí i limistéir áirithe nach bhfuil bail ar fónamh orthu (fóirdheontas caorach sléibhe). Is fiú suas le 20 milliún a.c. sa bhliain an fóirdheontas sin (40 milliún a.c. sa bhliain ón mbliain mhargaíochta 1975/76 amach).


Tá deireadh curtha le dleachtanna custam idir Ballstáit an Chomh- phobail ón 1 Eanáir, 1970 agus tá an Chomhtharaif Chustam i bhfeidhm go hiomlán (20% ar fheoil agus 15% ar ainmhithe beo) sna sé Bhallstát bunaidh. Sna Ballstáit nua, tá leibhéil na gComhtharaifí Custam á dtabhairt isteach go comhleanúnach de réir Airteagail 39 (1) agus 59(2) den Acht i dtaobh Coinníollacha Aontachais. Mar a gcéanna, tá na dleachtanna custam laistigh den Chomhphobal á ndíothú go comh- leanúnach de réir Airteagail 32 (1) agus 59 (1) den Acht. Um an 1 Iúil, 1977, dá bhrí sin, beidh díothú déanta ar dhleachtanna custam laistigh den Chomhphobal agus cuirfear an Chomhtharaif Chustam i bhfeidhm go hiomlán sa Chomhphobal méadaithe.


Faoi láthair tá na comhshocraíochtaí trádála le tíortha nach baill den Chomhphobal iad bunaithe ar oibleagáidí a ghlac an Comhphobal faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil. Tá an Comhphobal faoi cheangal in aghaidh méadú a thabhairt ar na dleachtanna seo a leanas in earnáil na caoireola:—


Caoireoil úr, fuaraithe, reoite nó leasaithe

..

..

..

20%

Scartach caorach

..

..

..

..

..

..

6%

Saillte caorach le haghaidh úsáide i dtionscail

..

..

eiscthe

Saillte caorach eile

..

..

..

..

..

..

7%

Caoireoil leasaithe

..

..

..

..

..

..

20%

Ní bhaineann ceangal leis an dleacht 15% ar chaoirigh bheo.


4. An Rialachán atá beartaithe

Is é is aidhm don togra suim chúiteach a thobhach ar uanchonablaigh agus ar chaoirigh bheo a allmhairítear isteach sa Fhrainc ó Éirinn agus ón mBreatain mar mhalairt ar na bearta cosanta atá i bhfeidhm ag an bhFrainc faoina heagraíocht náisiúnta margaíochta chun allmhairí ó Bhallstáit eile a rialú. Ní rachadh an tsuim chúiteach thar an difríocht idir praghsanna ionadaíocha na hÉireann agus na Breataine agus pragh- sanna ionadaíocha na Fraince; dhéanfaí laghdú sa chéad chás a bheadh cóimhéid lena ndéanfaí d’ísliú ar an dleacht chustam a chuireann an Fhrainc ar allmhairí ó Bhallstáit nua. Dhéanfaí an tsuim chúiteach a shocrú go rialta de réir rialacha na Comhairle agus dhéanfaí an laghdú go comh- leanúnach. San am céanna bheadh ar an Ríocht Aontaithe na fóirdheon- tais táirgíochta a íoctar faoina córas náisiúnta praghsanna ráthaithe a laghdú go comhleanúnach. Níl aon athrú ar leith á bheartú maidir le hallmhairí ó thríú tíortha ach amháin a shocrú go nglacfaí le rialacha ón gComhairle chun bearta iomchuí a ghlacadh má bhíonn aon suaitheadh tromchúiseach ann nó á bhagairt a chuirfeadh na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 den Chonradh i mbaol. Go dtí go mbunó- far córas don Chomhphobal fanfaidh na córais náisiúnta i bhfeidhm maidir le tíortha nach baill iad.


Bheadh feidhm ag an Rialachán beartaithe ón 1 Eanáir, 1976 go dtí an 31 Nollaig, 1977. Léiríonn an bhreith a thug an Chúirt Bhreithiúnais i gcás Charmassen v An tAire Gnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadais (Páras) [Cás 48/74] nach bhféadfaidh eagraíocht náisiúnta margaíochta d’earnáil na talmhaíochta bac a chur, tar éis na hidirthréimhse, ar lán- fheidhmiú Airteagal 33 de Chonradh CEE a fhoráil srianta cainníochtúla a dhíchur. Is é dearcadh an Choimisiúin go gcuireann an bhreith sin deir- eadh le haon oibleagáid a bheadh ar na Ballstáit nua glacadh le córas náisiúnta na Fraince tar éis an 1 Eanáir, 1978, agus tá na tograí seo ceaptha chun deacrachtaí a sheachaint san athrú ón gcóras láithreach go margadh aonair.


5. Dearcadh Ginearálta an Chomhchoiste

Mar gheall ar ár dtuilleamaíocht ar onnmhairí sa tír seo is mór an dochar dúinn na constaicí ar thrádáil na caoireola sa Chomhphobal. Dá bhrí sin, fáiltíonn an Comhchoiste roimh aon fhorbairt a chuirfeadh na constaicí sin ó chion agus a bhunódh saorghluaiseacht na caoireola sa Chomhphobal. Ina theannta sin, tá sé ag súil go dtiocfaidh a bheag nó a mhór d’ardú ar phraghas onnmhairithe ár gcuid caorach beo agus ár n-uanchonablach de bharr bealach isteach leanúnach a fháil chuig margadh ardphraghais uanchonablach na Fraince, agus laghdú a dhul ar shuimeanna cúiteacha, agus ina theannta sin díothú comhleanúnach a theacht ar chóras ráthaíochta caorach na Ríochta Aontaithe. Ar a shon sin féin, is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil bearna mhór idir na tograí seo agus a bhfuil fós gan déanamh chun aidhmeanna an Chomh- bheartais Talmhaíochta in earnáil na caoireola a bhaint amach de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 39 de Chonradh CEE. Is mian leis, dá bhrí sin, aird a tharraingt ar na bearta breise a mheasann sé a bheith riachtanach má tá na haidhmeanna sin le gnóthú.


6. Allmhairí ó Thríú Tíortha

Is é dearcadh an Chomhchoiste nach leor ar chor ar bith an Rialachán atá beartaithe chun déileáil le fadhb na n-allmhairí ó thríú tíortha. Cé nach bhfuil aon srian ar chaoireoil agus uaineoil a allmhairiú ar phraghas íseal isteach sa Ríocht Aontaithe, is ar éigin is féidir ardú praghais a bhaint amach i gcás táirgí na Breataine agus na hÉireann. Tugann an Comhchoiste dá aire go ndéanann oibleagáidí an Chomhphobail faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil difear don trádáil le tríú tíortha toisc nach féidir an dleacht ar fheoil chonablaigh a ardú gan cúiteamh dá réir a thabhairt agus nach ceadmhach allmhairí a stopadh má tharlaíonn suaitheadh. Ní léir cad iad na bearta iomchuí a bheadh le déanamh faoin Rialachán atá beartaithe dá dtarlódh suaitheadh trom- chúiseach a bheith ag bagairt ar an margadh i ngeall ar allmhairí ó thríú tíortha. Is dóigh leis an gComhchoiste má táthar le haidhmeanna an Chomhbheartais Talmhaíochta a bhaint amach san earnáil seo, go gcaith- fidh an margadh a bheith bunaithe ar phrionsabal fabhraíochta sa Chomh- phobal a bhéarfadh cosaint éifeachtach in aghaidh allmhairí ó thríú tíortha.


7. Praghas-tacaíocht

Tá an Comhchoiste den bharúil gur laige mhór é nach bhfuil socrú ar bith sna tograí chun tacaíocht a thabhairt do chaoireoil ar an margadh agus gur leithcheal trom ar fheirmeoirí caorach é i bhfarradh feirmeoirí eile. Is é dearcadh an Chomhchoiste gur chóir go mbeadh in earnáil na caoireola, mar atá in earnáil na mairteola agus na laoeola, córas praghas- tacaíochta a d’oibreodh trí bhíthin idirghabhála agus a mbeadh tobhaigh ar allmhairí mar thacaíocht leis. Ba chóir treoir-phraghas a shocrú sa chaoi go mbeadh na costais táirgíochta san áireamh go hiomlán i ngach régiún den Chomhphobal agus go ndéanfaí é a choigeartú ó shéasúr go séasúr. Ba chóir córas idirghabhála a bhunú maille le praghas idir- ghabhála arna dhíorthú ón treoir-phraghas. D’éagmais córas idirghabhála, bheadh an Comhchoiste i bhfabhar córas íocaíochtaí easnaimh ón gComh- phobal a thabhairt isteach mar atá á oibriú i gcás mairteola sa Ríocht Aontaithe. Chun cabhrú le honnmhairiú go dtí tríú tíortha ba chóir córas aisíoca i leith onnmhairí a bhunú freisin. Is ríléir leis an gComhchoiste go bhfuil bearta dá samhail sin chomh riachtanach céanna in earnáil na caoireola is atá in earnálacha eile agus, dá n-éagmais sin, nach féidir bheith ag dréim go mbeidh tairbhe réasúnach leanúnach le fáil ag feirmeoirí caorach.


8. Buíochas

Is mian leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann as an gcabhair a thug siad dó ag breithniú an ábhair seo.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


10 Nollaig, 1975.