Committee Reports::Report No. 17 - Sheepmeat Transitional Common Organisation of the Market in::10 December, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 10 Nollaig, 1975

Wednesday, 10th December, 1975

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gceannas), Ó Deasún, Dockrell, Easmann, Mac Giobúin, Hoireabard agus Ó Nualláin; na Seanadóirí Ó Beoláin, Bean Mhic Roibín agus Ó Riain. Fuarthas leithscéal ó na Teachtaí Ó Duinn agus Ó Droighneáin faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Rialachán Beartáithe ón gComhairle i dtaobh Comheagrú Idirthréimhseach ar an Margadh Caoireola.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 6 go huile.


(ii) Mír 7.


Tairgeadh leasú (An Teachta Mac Giobúin):


“Between the fourth and fifth sentences to insert the following:—


‘In the absence of an intervention system, the Joint Committee would favour the introduction of a Community deficiency payment system on the lines of that operated for beef in the United Kingdom’”.


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh mír 8.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 6.10 p.m.