|
TUARASCÁIL1. Scéim an Chomhphobail Tá an Scéim Fabhar Taraife Ginearálaithe (SGF) i ngníomh ó 1971 agus tá sé ceaptha di cuidiú le tíortha i mbéal a bhforbartha trí fhabhair tharaife a dheonú ar tháirgí áirithe, críochnaithe agus leathchríochnaithe, de thionscnamh na dtíortha sin a allmhairítear isteach sa Chomhphobal. Is fabhair iad nach bhfuil ag brath ar ghníomhaíocht chómhalartach ag na tíortha a thairbheoidh díobh. Athbhreithnítear an scéim gach bliain agus corpraítear na fabhair a dheonaítear i Rialacháin ó CEE agus i gCinntí ó CEGC a mbíonn feidhm acu go ceann dhá mhí dhéag. Is é an beartas atá ann na fabhair a fheabhsú go comhleanúnach gach bliain agus a réim a fhairsingiú. Bhí sé ceaptha an scéim a bheith i bhfeidhm go ceann deich mbliana ach chuir an Chomhairle in iúl le déanaí gur gá í a choimeád i bhfeidhm tar éis 1980. 2. Foirm na bhFabhar Tugtar na fabhair i bhfoirm (a) allmhairí ar rátaí nialasacha nó fabhracha dleachta gan teorainn nó (b) allmhairí saor ó dhleacht go feadh teorainn chuóta a dháiltear idir na Ballstáit nó go feadh teorainn bharrmhéid shonraithe san iomlán. I gcásanna áirithe déantar socrú chun dleachtanna a ath-fhorchur go hiomlán nó go páirteach má dhéantar dochar do tháirgeoirí sa Chomhphobal. 3. Forálacha do 1976 Ar an 11 Meitheamh, 1975 chuir an Coimisiún a thograí* do 1976 faoi bhráid na Comhairle i bhfoirm chúig cinn déag de dhréacht-Rialacháin ó CEE agus dhá dhréacht-Chinneadh ó CEGC atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Ghlac an Chomhairle leis na tograí sin ar an 17 Samhain, 1975 (I.O. L310, 29 Samhain, 1975). I gcoitinne tá cuótaí agus barrmhéideanna 1976 15% níos airde ná mar a bhí i 1975, ach i gcás tionscal leochaileach ar nós na coisbhirthe agus na dteicstíleacha ní thugtar ach 5% de mhéadú. Is é an feabhsú atá ann i gcás táirgí talmhaíochta 10% breise de laghdú ar tharaifí. Nil na feabhsuithe lenar glacadh do 1976 inchomparáide go beacht lenar tugadh sna blianta atá caite mar, ar mhaithe leis an simpliú, tá modh nua chun barrmhéideanna agus cuótaí a ríomh molta ag an gCoimisiún. Is dócha go mbeadh sé ceart a rá gur feabhsuithe measartha iad sin. Tá iarracht éigin á dhéanamh chun cúiteamh a thabhairt sa bhoilsciú ach cuireann an Coimisiún béim air nach ndéantar, ar chúiseanna teicniúla agus ar chúiseanna prionsabail, comhchoibhneas docht idir an boilsciú agus an méadú, agus is maith an seans go dtiocfadh den bhoilsciú, i gcás táirgí áirithe, laghdú i dtéarmaí cainníochtúla ar chuótaí agus ar bharrmhéideanna. Baineann na doiciméid darbh uimhreacha R1, R3, R5, R8, R12, R13, R13(a), R14 agus D1 san Fhoscríbhinn le táirgí “íogaire” (i.e., táirgí is dóigh a rachadh i gcion ar tháirgeacht an Chomhphobail). Baineann doiciméid R2, R4, R6, R7, R10 agus D2 le táirgí “leathíogaire” (i.e., táirgí is dóigh a rachadh i gcion ar tháirgeacht an Chomhphobail má théitear thar teorainn) agus le táirgí “neamhíogaire” (i.e., táirgí nach dóigh dóibh dul i gcion ar tháirgeacht an Chomhphobail san iomlán cé go bhféadfaidís dochar a dhéanamh do thionscal Stáit áirithe. Baineann doiciméad R9 (ar a dtugtar an “Rialachán croschineálach”) le táirgí a meastar iad a bheith níos mó ná leathíogair ach gan bheith láníogair. Maidir le hearraí áirithe de thionscnamh Hong Cong, Mhacao, Mheicsiceo, na Cóiré Theas agus na hIúgslaive, tá sé de rogha ag Ballstát gan ligean d’allmhairí SGF dul thar 50% den mhéid a mhuirearaítear i gcoinne fabhair an Stáit sin. Táirgí talmhaíochta próiseáilte atá i gceist i ndoiciméad R11. Ní fhoráiltear aon bharrmhéideanna sa chás seo; is féidir cainníochtaí neamhtheoranta a allmhairiú ar rátaí laghdaithe taraife. 4. Léargas Ginearálta ar an Scéim Sa doiciméad ón gCoimisiún ar Fhorbairt Thodhchaí Fabhair Tharaife Ghinearálaithe na gComhphobal Eorpach [COM (75) 17] scrúdaítear roinnt lochtanna praiticiúla sa scéim. Tugtar chun suntais go háirithe nach bhfuil á n-úsáid ach tuairim 50% de na cuótaí agus na barrmhéideanna éagsúla. Fairis sin, tá tairbhe mhíchuíosach á gnóthú as an scéim ag mionlach beag de na tíortha a bhfreastalaíonn sí dóibh mar tá eagar eacnamaíochta agus riaracháin níos fearr orthu ná mar atá ar fhormhór na dtíortha i mbéal a bhforbartha. Sa Rún a rith Parlaimint na hEorpa ar an 17 Deireadh Fómhair, 1974, tarraingíodh aird an Choimisiúin ar an ngá a bhí le hathbhreithniú ar na critéir chun a chinneadh cad iad na tíortha ar chóir SGF a bheith tairbheach dóibh, agus dearbhaíodh gurb iad na tíortha sin amháin is tíortha i mbéal a bhforbartha gan amhras ar bith ba chóir a bheith ag tairbhiú di. Sa doiciméad ón gCoimisiún tugtar ceist pholaitiúil atá fíor-íogair air sin. De réir mar a bheidh tíortha ar leith atá i mbéal a bhforbartha ag neartú ina ngeilleagar d’fhéadfadh tábhacht eacnamaíoch na gné sin dul i méid. Is cosúil gur mhaith leis an gCoimisiún go n-oibreofaí amach in éineacht le tíortha tabharthasacha eile critéir oibíochtúla eacnamaíocha chun stádas tíortha i mbéal a bhforbartha a bhunú. Tacaíonn an Comhchoiste go láidir leis an bprionsabal go gcuideofaí le tíortha i mbéal a bhforbartha trí chóir fhabhrach a thabhairt dá dtáirgí, agus ní miste a chur in iúl go raibh glactha leis an bprionsabal sin ag an tír seo roimh dhul isteach sna Comhphobail di. Ach leis an gcor eacnamaíoch atá anois ann, a fhágann go bhfuil eire na cabhrach ag luí ar earnálacha den gheilleagar atá thar a bheith leochaileach, d’fháilteodh an Comhchoiste roimh an athbhreithniú* a d’éiligh parlaimint na hEorpa d’fhonn a chinntiú gur san áit is géire gá a fhaightear an mhórchuid den chabhair. 5. Éifeachtaí Scéim 1976 ar Éirinn Ó d’fhoilsigh an Coimisiún a thograí i mí Iúil seo caite, bhí an Comhchoiste i dteagmháil le comhlachtaí éagsúla i dtaobh na n-éifeachtaí ab fhéidir a bheith ag scéim 1976 ar earnálacha éagsúla de gheilleagar na hÉireann. Cé go bhfuil an scéim do 1976 ceadaithe cheana féin ag an gComhairle, is mian leis an gComhchoiste na cásanna éagsúla a cuireadh ina láthair a thabhairt chun suntais ar dhá chúis. Sa chéad áit is mian leis béim a chur ar a riachtanaí atá sé faireachán airdeallach a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheidh ag allmhairí ar thionscail leochaileacha i gcaitheamh 1976 ionas go bhféadfar beart mar is cuí a dhéanamh nuair a bheidh na fabhair do 1977 á gcinneadh. Sa dara háit ba mhaith leis go scrúdófaí an cheist i dtaobh cabhair speisialta ón gComhphobal a iarraidh le haghaidh earnálacha den gheilleagar a bhféadfadh oibriú na scéime dul chun dochair dóibh. Sna míreanna ina dhiaidh seo léirítear dearcadh na gcomhlachtaí éagsúla a ndeachthas i gcomhairle leo. 6. Córas Tráchtála Is cúram le Córas Tráchtála na héifeachtaí ab fhéidir a bheith ag tograí SGF ar onnmhairí ó Éirinn go dtí tíortha eile CEE. Measann sé nach dócha go ndéanfadh an scéim do 1976 dochar do staid iomaíochta onnmhairí ó Éirinn go dtí tíortha eile CEE. Is iad seo a leanas na tionscail onnmhairiúcháin atá leochaileach: sceanra, páipéar balla, glais, páipéar carbóin, lastóirí toitíní, pinn agus bíreonna, etc., éadaí, teicstíleacha agus coisbheart. I gcás gach ceann de na cúig chineál earraí is túisce a luaitear, ba lú ná milliún punt, de chuid mhaith, onnmhairí na hÉireann go tíortha CEE i 1974 agus is chun na Ríochta Aontaithe a chuaigh a bhformhór mór. B’fhiú £1.5 milliún na pinn, na bíreonna agus na pionsail ghluaiste a onnamhiríodh agus chuaigh luach £1.2 milliún den mhéid sin go dtí CEE. Sna trí chás dheireanacha sa liosta is mar seo a leanas a bhí:—
Tá sé curtha in iúl ag Córas Tráchtála go raibh onnmhaireoirí Éireannacha, roimh dhul isteach sa Chómhargadh dúinn, ag cur na n-earraí sin ar mhargadh na R.A. in iomaíocht le hallmhairí saor ó dhleacht nó faoi dhleacht fabhair ó thíortha sa Chomhlathas Briotanach (a mbaineann SGF le mórán díobh anois) agus níl gréasán ár dtrádála leis an R.A. athraithe chomh mór sin go fóill go bhféadfadh Éire cás láidir a shuíomh chun na hearraí atá i gceist a eisiamh ó SGF. 7. Cónaidhm Thionscail na hÉireann Chuir an Chónaidhm in iúl don Chomhchoiste go bhfuil sé an-deacair do ghnólachtaí, mar gheall ar a chastacht atá an scéim fabhar ginearál-aithe, a mheas cad iad na héifeachtaí is dóigh a bheidh aici ar a ngnóthaí, agus go háirithe é sin a dhéanamh bliain roimh ré. Dá bhrí sin molann an Comhchoiste go ndéanfadh an Roinn Tionscail agus Tráchtála tathant ar an gCoimisiún sásra a bhunú chun mionteagasc níos fearr a sholáthar do lucht tionscail i dtreo go bhféadfaí, i gcomhar leis an lucht tionscail, meastóireacht chruinn a dhéanamh ar fhadhbanna, ar éifeachtaí agus ar thairbhí na scéime chomh fada is a bhaineann leis an tír seo. Seo mar a dúirt an Chónaidhm i dtaobh na n-éifeachtaí is dócha a bheadh ann i gcás tionscal áirithe:— (a) Cónaidhm an Tionscail Éadaitheoireachta (i)Éadaí: Ba bhuntáiste é do ghnólachtaí, chun baill éadaigh a dhéanamh, foinsí amhábhar don tionscal éadaitheoireachta a bheith ar fáil acu tríd an scéim SGF. Ar an láimh eile, cuireann sé as don tionscal allmhairí a theacht ó thíortha lasmuigh den Chomhphobal, go háirithe baill éadaigh rédhéanta. Sa chomhthéasc sin ní thaobhódh an tionscal le haon laghdú breise ar tharaifí ná le haon mhéadú ar chuótaí don bhliain seo chugainn. (ii)Coisbheart: Cuireann sé as don tionscal coisbhirte, go háirithe, allmhairí a theacht ó thíortha den tríú domhan. Le déanaí chuir an tionscal cás i láthair na Roinne Tionscail agus Tráchtála agus Choimisiún CEE chun tuilleadh cosanta a fháil in aghaidh allmhairí ón mBreatain agus ó thíortha eile. Tá suirbhéireacht ar siúl faoi láthair, ar iarratas ón gCoimisiún, chun meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí is dóigh a bheith ag allmhairí, fiú ó thíortha sa Chomhphobal, sula dtabharfar cinneadh faoi athnuachan na cosanta breise ó dheireadh na bliana seo. Tharla iomaíocht an-ghéar i gcás allmhairí ó thíortha atá páirteach sa Scéim SGF. Uime sin, tá sé fíorriachtanach nach gceadófaí a thuilleadh laghdaithe ar tharaifí ná éascaíocht iontrála ar mhargadh na hÉireann faoi na tograí do 1976. (b) Comhlachas na dTionscal Plaisteach Toisc formhór na n-amhábhar plaisteach, go háirithe, a theacht ó CEE agus ó SAM, ní bheadh mórán éifeachta ag laghdú nó díchur na ndleachtanna ar tháirgí ó thíortha SGF. (c) Cónaidhm na dTionscal Bianna, Deochanna agus Tobac Baineann an phríomhfhadhb anseo le hallmhairiú ribí róibéis agus cloicheán. Tuigtear dúinn go bhfuil cuntas i dtaobh éifeacht na Scéime Ginearálaithe Fabhar ar na hearraí sin curtha i láthair na Roinne Rialtais iomchuí cheana féin. Braitear gur géilleadh go drugallach don laghdú atá le déanamh ar an taraif i gcás soláthairtí ó thíortha SGF. (d) Trealamh Spóirt Is cúram le monaróirí Éireannacha allmhairiú raicéad leadóige nó trealaimh dá samhail ó thíortha SGF. Faoi láthair allmhairítear cuid mhaith de na hearraí sin ó thíortha a thiocfadh faoi scéim SGF agus meastar go ndéanfadh aon laghdú breise ar tharaifí dochar mór do mhonarú an chineál seo trealaimh. Meastar dá bhrí sin nár cheart comhaontú le haon laghdú eile ar tharaifí. (e) An Tionscal Innealtóireachta Tuigtear dúinn nár allmhairíodh ach fíorbheagán i gcaitheamh na bliana seo caite ó na tíortha a thig faoi réim na Scéime. Ní bheadh éifeachtaí d’aon tábhacht leis na leasuithe a mholtar a dhéanamh ar Scéim 1976. Dealraíonn sé gur leor le haghaidh riachtanais an tionscail innealtóireachta go dtí seo na cuótaí a léirítear d’amhábhair agus do tháirgí leathchríochnaithe. Is follas nár mhór aird ar leith a thabhairt ar fhorbairtí i dtionscail na n-éadaí, na coisbhirte agus an trealaimh spóirt. Tacaíonn an Comhchoiste leis na tuairimí atá curtha in iúl ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus tá súil aige go dtabharfaidh an Roinn Tionscail agus Tráchtála, nuair a bheidh Scéim 1977 á breithniú, aird ar leith ar na fadhbanna atá le réiteach in earnálacha na dteicstíleacha agus na coisbhirte. 8. Gabháltais Chruach na hÉireann Teo. Is cúram do Ghabháltais Chruach na hÉireann Teo. na cinntí ó CEGC a bhaineann le táirgí áirithe cruach dá dtagraíonn doiciméid D1 agus D2. Tá an chuideachta an-ghearánach ar na cinntí sin. Go háirithe gearánann an chuideachta go ndéantar sa dara cinneadh (D2) na fabhair a bhunú ar bharrmhéid don Chomhphobal ina iomláine i gcás na dtáirgí atá i gceist in ionad iad a cheapadh ar bhonn cuótaí náisiúnta. Deir sé mar seo:— Mar gheall air sin beidh tionscal cruach na hÉireann i nguais maidir leis an gcuóta comhchruinnithe allmhairí isteach chun an Chomhphobail, ní amháin i gcás allmhairiú díreach isteach in Éirinn ach fós i gcás táirgí a allmhairítear trí thír eile de chuid an Chomhphobail agus a bhfuil saor-chúrsaíocht acu laistigh den Chomhphobal. Ó thaobh na cuideachta de, tá cuótaí náisiúnta d’allmhairí fíorriachtanach i gcás na dtáirgí uile inár raon táirgthe, agus tá sin á chur ina luí againn ar an Roinn Tionscail agus Tráchtála ó ceapadh an scéim. Ba mhaith leis an gComhchoiste go dtógfadh an Roinn Tionscail agus Tráchtála an ghné sin ar láimh arís thar ceann na Cuideachta. Thug an Chuideachta chun suntais freisin go bhfuil ag cuid de na tíortha a áirítear i liosta na dtíortha i mbéal a bhforbartha tionscail chruach atá mór cibé slat tomhais a measfaí iad dá réir, agus i bhfad níos mó ná an tionscal cruach in Éirinn. Is léir gur cheart an ní sin a áireamh in athbhreithniú na gcritéar chun a chinneadh cad iad na tíortha a mbeadh tairbhe ag dul dóibh. Léireoidh freagraí na Cuideachta ar na ceisteanna seo a leanas cad é an dearcadh ginearálta atá aici ar na cinntí:— Ceist (1) An ndéanfadh allmhairú na dtáirgí atá i gceist isteach sa Chomhphobal difear mór don éileamh sa bhaile ar tháirgí bhur gcuideachta nó do na deiseanna chun na táirgí sin a onnmhairiú go Ballstáit eile? Dhéanfadh. Tá tionscal cruach na hEorpa, agus go deimhin an tionscal cruach ar fud an domhain, ag broic leis an gcúlú is measa le daichead bliain, agus i láthair na huaire tá iarrachtaí á ndéanamh ar mhaithe le tionscal cruach CEGC, go huile, chun a thabhairt ar Choimisiún CEE feidhm a bhaint as Airteagail 58 agus 74 de Chonradh Pháras chun srian a chur le hallmhairiú cruach ón taobh amuigh den Chomhphobal. Le fada anuas tá roinnt cruach á honnmhairiú ag an gcuideachta seo, chun na Ríochta Aontaithe go mór mór, ach anois caithfidh sí aghaidh a thabhairt ar an gcor is measa a bhain di riamh, maidir leis an éileamh sa bhaile agus maidir le honnmhairí, agus tá laghdú mór tagtha cheana féin ar líon na bhfostaithe sa tionscal, agus tuilleadh laghdaithe ar tí tarlú. Ceist (2) An mbeadh aon tairbhe in ndán do bhur gcuideachta de bhrí go bhfuil fáil ar tháirgí níos saoire a bheadh ag teastáil le haghaidh tuilleadh próiseála? Allmhairíonn an Chuideachta leatháin áirithe de chruach dhíocsaídithe fuar i bhfoirm chorna, faoin Tagairt Taraife 73.13, le haghaidh tuilleadh próiseála. Ní raibh an táirge sin faoi chosaint náisiúnta taraife ach, ar ndóigh, bíonn allmhairí ó áiteanna lasmuigh den Chomhphobal inchurtha faoin gComhtharaif Eachtrach. Go teoiriciúil, má bhíonn allmhairí saor ó dhleacht le fáil ó thíortha i mbéal a bhforbartha, d’fhéadfadh tairbhe a bheith ann maidir le hallmhairiú an ábhair áirithe seo as na hábhair iomadúla lena mbaineann an scéim, ach ní bheadh sin amhlaidh dáiríre mar, chun leanúnachas oibriúcháin a choimeád i Roinn an Ghalbhánaithe sa mhéid gur gá sin i ngnáthdhálaí margaíochta, ní foláir bheith deimhin de go mbeidh an t-amhábhar á sholáthar go leanúnach agus, de ghnáth, allmhairímid an corna sin ó thíortha i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Amach ón méid sin ar fad, aon tairbhí ba dhóigh a bheith le gnóthú ag an gCuideachta as táirgí níos saoire a bheith le fáil, is ríbheag ab fhiú iad i gcomparáid leis an damáiste ab fhéidir a bhaint dúinn tríd an léirscaoileadh ar allmhairiú táirgí a thig faoi raon táirgeachta na Cuideachta. Is léir ó bharúlacha na Cuideachta go gcaithfear aird ar leith a thabhairt ar fhorbairtí san earnáil seo i rith 1976. 9. Cumann Iascairí na hÉireann Tá an eagraíocht seo ag cur i gcoinne na forála sa Rialachán (R11) a cheadaíonn ribí róibéis, cloicheáin, etc. a allmhairiú ar ráta fabhair dleachta. Ó Bhangla Deis, ón bPacastáin, ó Shri Lanka agus ón Malaesia a thagann na táirgí sin. Is iad seo a leanas agóidí na heagraíochta:— (a) Tá praghsanna ard go maith á n-íoc ag daoine, á cheapadh de dhearmad gur cloicheáin as Cuan Bhaile Átha Cliath atá siad a fháil, rud nach bhfuil. (b) Ar an láimh eile níl an táirgeoir áitiúil in ann dul san iomaíocht leis na hallmhairí sin agus fágann sin go gcaithfidh sé gearradh siar cuid mhaith ar iascaireacht an chineál sin éisc. Is léir ó na figiúirí oifigiúla do luach ar tugadh i dtír den iasc sin le tamall de bhlianta anuas go bhfuil an luach sin ag titim. Roimh dhul isteach sna Comhphobail di níor chuir Éire aon bhearta cosanta i bhfeidhm i gcás na dtáirgí sin. Is é ráta na dleachta CTC, 18%, agus 7% is ráta fabhair do 1976. I 1973 allmhairíodh 197, 126 cileagram de chloicheáin agus ribí róibéis, ab fhiú £227,955. I 1974 allmharíodh 96,876 cileagram, ab fhiú £182,143. Uime sin b’fhéidir gur dheacair tacaíocht a fháil le haghaidh iarrachtaí ó Éirinn cosaint níos fearr a áirithiú do chloicheáin agus ribí róibéis dá cuid féin, ach ba cheart an scéal a choimeád faoi bhreithniú. 10. Cabhair d’Earnálacha Áirithe Tá sé curtha in iúl ag Coiste Pharlaimint na hEorpa maidir le Forbairt agus Comhar gur cuid chúraim leis é nach mbeadh ar earnálacha den Chomhphobal, nach bhfuil a gcaighdeáin mhaireachtála féin mó is aird, bheith thíos leis an gcabhair do thíortha i mbéal a bhforbartha. I Rún an 17 Deireadh Fómhair, 1975, ón bParlaimint, maidir leis an Scéim do 1976, iarradh ar an gCoimisiún tograí diongbháilte a chur faoina bráid i dtaobh athoiriúnú agus atheagrú na n-earnálacha agus na réigiún lena mbaineann bearta a glacadh i bhfabhar tíortha i mbéal a bhforbartha. Sa ráiteas míniúcháin i dtuarascáil an Choiste dúradh nár léir don rapóirtéir go mbeadh aon ní i gcoinne ruda ar nós cistí le haghaidh atheagrú earnálacha áirithe, a mbaineann deacrachtaí ar leith dóibh de chionn beartais fhorbhraíochta, a tharraingt as cistí atá ar fáil do chabhair fhorbraíochta. Taobhaíonn an Comhchoiste le dearcadh Pharlaimint na hEorpa sa cheist sin. (Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 10 Nollaig, 1975. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||