Committee Reports::Report No. 16 - Generalised Tariff Preferences Scheme for 1976::10 December, 1975::Appendix

FOSCRÍBHINN

R.1. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail do tháirgí áirithe teicstíleacha de chadás agus táirgí dá samhail is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.2. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair do tháirgí áirithe teicstíleacha de chadás agus táirgí dá samhail is de thionscnamh tíortha agus críocha i mbéal a bhforbartha.


R.3. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail do táirgí áirithe teicstíleacha is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.4. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair do tháirgí áirithe teicstíleacha is de thionscnamh tíortha agus críocha i mbéal a bhforbartha.


R.5. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuótaí do tháirgí áirithe teicstíleacha is de thionscnamh na hIúgslaive, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.6. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair do tháirgí áirithe teicstíleacha is de thionscnamh na hIúgslaive.


R.7. (CEE) Rialachán faoi oscailt fabhar taraife i modh páirtfhionraí ar dhleachtanna custam i gcás deantús siúite is de thionscnamh na hIndia, na Téalainne agus Bhangla Deis agus i gcás déantús coighire is de thionscnamh na hIndia agus Shri Lanka.


R.8. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.9. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear barrmhéideanna taraifí fabhair Comhphobail do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar socrú chun a riartha.


R.10. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha.


R.11. (CEE) Rialachán lena mbunaítear, i gcás táirgí áirithe faoi Chaibidlí 1 go 24 den Chomhtharaif Chustam, scéim fabhar ginearálaithe ar mhaithe le tíortha i mbéal a bhforbartha.


R.12. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’im cócó agus taraif-chuóta do chaife intuaslagtha in uisce is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.13. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’anainn leasaithe, seacheas ina sliseoga, ina leathshliseoga nó ina gcuarghearrthóga, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.


R.13. (a) (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’anainn leasaithe, ina sliseoga, ina leathshliseoga nó ina gcuarghearrthóga, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.


R.14. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail do thobac amh nó neamh-mhonaraithe den chineál Virginia múchánleasaithe, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar daileadh air agus socrú chun a riartha.


D.1. Cinneadh (CEGC) lena n-osclaítear taraif-chuótaí de tháirgí áirithe cruach is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


D.2. Cinneadh (CEGC) lena n-osclaítear fabhair tharaife do tháirgí áirithe cruach is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha.