|
TUARASCÁIL1. Is mian leis an gComhchoiste na barúlacha seo a leanas a thabhairt ar dhá ionstraim reachtúla a rinneadh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.2. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Táirgí Íocshláinte Dílseánaigh), 1974 [I.R. Uimh. 187 de 1974]Airbheartaíonn an ionstraim seo téarmaí Threoir 65/65 ón gComhairle a chur chun feidhme ar tháirgí íocshláinte dílseánaigh nach raibh ar an margadh an 1 Deireadh Fómhair, 1974. Déileálann an Treoir le comhfhogasú dlíthe a bhaineann le táirgí íocshláinte dílseánaigh do dhaoine. Go hachomair ceapadh an Treoir chun cosc a chur le díol na dtáirgí sin ach amháin faoi údarás arna eisiúint ag údarás inniúil agus (i gCaibidil IV) chun rialacha a ordú do lípéadú na dtáirgí sin. De bhua an Chonradh Aontachais tá sé d’oibleagáid ar Éirinn “an Rialúchán dá bhforáiltear leis an Treoir seo a chur chun feidhme go comhleanúnach, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 1978, ar na speisialtachtaí a bhfuarthas údarás lena gcur ar an mhargadh roimh dháta an aontachais”. Dhealródh sé go gcuireann Airteagal 2 den Chonradh Aontachais an Treoir sin chun feidhme ar tháirgí a thiocfadh ar an margadh tar éis dáta an aontachais. Tuigtear ón Roinn Sláinte go bhfuil beartaithe an Treoir a chur chun feidhme go comhleanúnach, i Rialacháin bhreise, i gcás táirgí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1974. Foráiltear le hAirteagal 5 de na Rialacháin go mbeidh táillí le híoc chun údarás a dheonú agus a athnuachan. Níl aon tagairt do tháillí sa Treoir féin. Go deimhin, foráiltear, in Airteagal 121, nach ndéanfar údarás a dhiúltú, a fhionraí ná a chúlghairm ach amháin ar na forais atá leagtha amach sa Treoir sin. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste, áfach, nach measann an Coimisiún gur sárú ar an Treoir na táillí sa chás seo. Is é dearcadh an Chomhchoiste nach mbeadh an fhoráil i dtaobh táillí inchosanta ach amháin má áirítear í mar cheann de na forálacha “foghabhálacha, forlíontacha agus iarmartacha” de réir brí alt 3(2) d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ní mheasann an Comhchoiste go bhfuil na táillí atá leagtha amach sa chás seo míréasúnach agus glacann sé leis gurb amhlaidh atá a bhforchur foghabhálach d’fheidhmiú na Treorach ón gComhairle. Níor cheart a cheapadh, áfach, go bhféadfar muirir den chineál seo ar an bpobal a áireamh i gcónaí mar ábhar foghabhálach a thagann faoi réim alt 3 (2) d’Acht 1972. Tá beartaithe ag an gComhchoiste aon chásanna dá leithéid seo a bheadh ann amach anseo a ghrinnscrúdú. Measann an Comhchoiste go bhfuil dréachtú an-scaoilte déanta ar Airteagal 3 de na Rialacháin, an fhoráil is tábhachtaí san ionstraim. Forálann an t-airteagal sin nach mbeidh táirgí íocshláinte dílseánaigh nach raibh ar an margadh an 1 Deireadh Fómhair, 1974, le cur ar an margadh “mura gcomhlíonann siad forálacha Chaibidlí I, II, III agus V den Treoir” agus ón 1 Deireadh Fómhair, 1975 amach, mura gcomhlíonann siad forálacha Chaibidil IV. Déileálann Caibidil I le sainmhíniú agus scóip; Caibidil III le cumhacht údarás inniúil chun údarás a chúlghairm nó a fhionraí, agus is le Ballstáit amháin a bhaineann Caibidil V. Más cuí, in aon chor, a rá go gcomhlíonann táirgí áirithe forálacha reachtúla, ní ceart a chur de cheangal orthu cloí le hoibleagáidí arna bhforchur ar Bhallstáit agus ar a n-údaráis inniúla. Is dócha gurb é is cuspóir don ionstraim a chur d’iallach ar dhaoine a bheadh ag lorg údaráis ceanglais áirithe a chomhlíonadh agus údarás a thabhairt don Aire Sláinte an Treoir a chur i bhfeidhm. Creideann an Comhchoiste go bhféadfaí an cuspóir sin a bhaint amach ach focail níos beaichte agus níos oiriúnaí a úsáid in Airteagal 3. 3. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fíon), 1974 [I.R. Uimh. 159 de 1974]Déileálann Rialachán Uimh. 1769/72 ón gCoimisiún, arna leasú (le seacht Rialachán eile), le doiciméid nach foláir a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí fíona, agus leis na hoibleagáidí atá ar thrádálaithe seachas miondíoltóirí ina leith. Is é atá beartaithe sna rialacháin Éireannacha a chumasú d’oifigigh údaraithe aon sárú ar Rialachán an Choimisiúin a aimsiú agus forálann siad pionóis as sárú den sórt sin. Nuair a bhreithnigh sé an ionstraim seo den chéad uair ba chúis imní leis an gComhchoiste í mar gur dhealraigh sé go raibh cion coiriúil á bhunú nár léir cad é an cion é ón ionstraim Éireannach, ach gur chosúil gur bhraith sé ar fhorléiriú ocht n-ionstraim de chuid an Chomhphobail. Cuireadh i bhfios don Choiste, áfach, ós rud é gur Rialacháin iad ionstraimí an Chomhphobail agus go bhfuil siad infheidhme go díreach, gur cuid de dhlí na hÉireann iad cheana féin. Glacann an Comhchoiste leis sin ach measann sé go bhféadfadh ionstraim Éireannach a bheith níos beaichte ag sonrú an chiona a airbheartaíonn sí a bhunú. Forálann Airteagal 4 (2) nach mbeidh feidhm ag an gclásal pionóis maidir le hAirteagail 2 agus 13 de Rialachán 1769/72/CEE ón gCoimisiún, 26 Iúil, 1972. B’fhearr, a dtuairim an Chomhchoiste, a rá go cruinn cad iad na hAirteagail i Rialacháin an Choimisiúin a ndlitear an pionós ordaithe a chur ar dhuine as iad a shárú. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste nár ghá ach aon státseirbhíseach sóisir amháin a cheapadh mar oifigeach údaraithe i ngeall ar fheidhmiú na bhforálacha seo. 4. Ionstraimí EileRinneadh na hionstraimí reachtúla seo a leanas faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, roimh an 1 Meitheamh, 1974, agus níor daingníodh iad le hAcht na gComhphobal Eorpach (Rialacháin a Dhaingniú), 1973:— Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ábhar Foraoise Atáirgthe), 1973 [I.R. Uimh. 165 de 1973]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síolta Glasraí), 1973 [I.R. Uimh. 173 de 1973]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síolta) (Leasú), 1973 [I.R. Uimh. 174 de 1973]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Avena fatua), 1973 [I.R. Uimh. 285 de 1973]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Raidió-thrasnaíocht ó Adhaint-chórais Fheithiclí), 1973 [I.R. Uimh. 331 de 1973]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Préimh Chomhshó Bólachtaí Déiríochta), 1973 [I.R. Uimh. 345 de 1973]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar ar Bhóithre), 1974 [I.R. Uimh. 57 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síolta Féar Seagail Iodálach), 1974 [I.R. Uimh. 113 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1974 [I.R. Uimh. 116 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aicmiú ar Adhmad Neamhchóirithe), 1974 [I.R. Uimh. 119 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gloine Chriostail) (Leasú), 1974 [I.R. Uimh. 122 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cumhachtaí an Bhainc Ceannais maidir le Cabhair Frithpháirteach Áirithe ó Bhallstáit), 1974 [I.R. Uimh. 125 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí), 1974 [I.R. Uimh. 133 de 1974]. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Teicstíleacha), 1974 [I.R. Uimh. 139 de 1974]. Níl sé beartaithe ag an gComhchoiste aon bharúlacha a thabhairt faoi láthair ar aon cheann de na hionstraimí sin. (Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 4 Meitheamh, 1975. |
||||||||||||