Committee Reports::Report No. 08 - Statutory Instrument [16] made under the European Communities Act 1972::04 June, 1975::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

26 Iúil, 1973:—Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh na comhaltaí sin de Dháil Éireann atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach agus deich gcomhalta eile a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.


(2) Go scrúdóidh an Comhchoiste—


(i) cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí, de chuid na Comhairle sin,


(ii) cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh sé agus go dtabharfaidh sé tuarascáil orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(3) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


27 Iúil, 1973:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Éamon Ó Coileáin, Barra Deasún, Muiris Dockrell, Seán Easmann, Seán Ó Fathaigh, Eoghan Mac Gearailt, Seán Ó Flannagáin, Cathal Ó hEochaidh, Mícheál Ó Cinnéide agus Maolmhuire Stondún.


Comhaltaí atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach:


Dónall Ó Críodáin, Tomás Ó Duinn, Séamus Mac Giobúin, Mícheál Hoireabard, Liam Caomhánach, Cathal Mac Domhnaill, Tomás Ó Nualláin agus Dáithí Ó Droighneáin.


20 Feabhra, 1974:—Ordaíodh: Go ndéanfar Ordú an 26 Iúil, 1973 maidir leis an gComhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach a leasú tríd an mír seo a leanas a chur leis:—


“(4) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh faoin ordú seo, a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh leis, faoi bhráid na Dála agus air sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.” [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

26 Iúil, 1973:—Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh na comhaltaí sin de Sheanad Éireann atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach agus sé chomhalta eile a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheap Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.


(2) Go scrúdóidh an Comhchoiste—


(i) cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh sé agus go dtabharfaidh sé tuarascáil orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(3) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [An Seanadóir Mícheál Ó hUiginn].


26 Iúil, 1973: Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Seán Ó Beoláin, Alastar Mac Gearailt, Mícheál Ó hUiginn, Caoimhín Ó Ceallacháin. Máire Bean Mhic Roibín agus Eoin Ó Riain.


Comhaltaí atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach:


Brian Ó Luineacháin agus Mícheál Yeats.


20 Feabhra, 1974:—Ordaíodh: Go ndéanfar Ordú an 26 Iúil, 1973 maidir leis an gComhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach a leasú tríd an mir seo a leanas a chur leis:—


“(4) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh faoin ordú seo, a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh leis, faoi bhráid an tSeanaid agus air sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.” [An Seanadóir Mícheál Ó hUiginn].


15 Bealtaine, 1974:—Ceapadh an Seanadóir Marcus Mac Giollaléith in ionad an tSeanadóra Caoimhín Ó Ceallacháin a fuair bás.


Toghadh an Teachta Cathal Ó hEochaidh mar Chathaoirleach agus an Teachta Muiris Dockrell mar Leas-Chathaoirleach ag an gcruinniú a bhí ann an 3 Lúnasa, 1973.