Committee Reports::Report - Family Law (Maintenance of Spouses and Children) Bill, 1975 ::29 October, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair, 1975.

Wednesday, 29th October, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An tAire Dlí agus Cirt, na Teachtaí Mac Aindriú, Ó Brosnacháin, Siobhán de Búrca, Ó Dálaigh, Barra Deasún, Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh, Easmann, Nic Eochagáin Uí Chuinn, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Fearghas Ó Briain, Mac Páidín agus de Paor.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Siobhán de Búrca):


“That Deputy Esmonde be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Easmann i gCeannas an Choiste dá réir sin.


4. Fógra i dTaobh Leasuithe.


Ordaíodh: Go dtabharfar fógra i dtaobh leasuithe atá beartaithe tráth nach déanaí ná an 12 a chlog meán lae Dé Céadaoin, 12 Samhain, 1975: Ach go bhféadfar leasuithe a thairiscint gan fógra.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 7.55 p.m. go dtí 4.15 p.m., Dé Máirt, 18 Samhain, 1975.