Committee Reports::Report - Family Law (Maintenance of Spouses and Children) Bill, 1975 ::18 November, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Máirt, 18 Samhain, 1975.

Tuesday, 18th November, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Easmann (sa Chathaoir), an tAire Dlí agus Cirt, na Teachtaí Mac Aindriú, Ó Brosnacháin, Gearóid Ó Coileáin, Barra Deasún, Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh, Ó hEochaidh, Ní Ógáin Uí Uiginn, Fearghas Ó Briain, agus Mac Páidín.


3. An Bille a Bhreithniú.


Chrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 1 agus 2.


(ii) Alt 3.


Tairgeadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille”.


Tharla Díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m. go dtí 4.15 p.m., Dé Máirt, 25 Samhain, 1975.