Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::24 April, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 24 Aibreán, 1975.

Thursday, 24th April, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Mórdha, C. Ó Murchú agus Ó Tuathail.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Gairm-oideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.


Cuireadh siar tuilleadh breithnithe ar an gCuntas seo a leanas:—Meánoideachas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh an Dochtúir S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), D. Ó Laoghaire (Rúnaí, An Roinn Oideachais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.