Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::01 May, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 1Bealtaine, 1975.

Thursday, 1st May, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh, C. Ó Murchú agus Mac Páidín.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Roinn na Gaeltachta, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Tithe an Oireachtais, Sláinte, Meánoideachas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh L. Tóibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), M. Jacob (Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta), M. Ó hÉalaithe (Cléireach na Dála), B. Ó hAonghusa (Rúnaí, An Roinn Sláinte), D. Ó Laoghaire (Rúnaí, An Roinn Oideachais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.45 p.m. sine die.