|
IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.Dé Céadaoin, 19 Feabhra, 1975.Wednesday, 19th February, 1975.1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Barra Deasún (sa Chathaoir), an tArd-Aighne, na Teachtaí Ó Brosnacháin, de Valera, Anraí Dockrell, Mac Ionnrachtaigh, Easmonn, Ó Máille agus Mac Páidín. 3. An Bille a Bhreithniú. D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú. (i) Alt 3. Tairgeadh an Cheist arís:— “Go bhfanfaidh an t-alt, mar a leasaíodh, mar chuid den Bhille”. Cuireadh agus aontaíodh an Cheist. (ii) Alt 4. Tairgeadh leasú (An Teachta de Valera): “In page 4, after line 31, to insert:— ‘(4) The Commission shall from time to time prepare for submission by the Taoiseach to the Government proposals for law reform, and shall indicate the priority in which the Commission places the necessity for such law reform, and shall indicate the manner in which the Commission recommends that such law reform be initiated, and the scope and extent of such law reform’.” Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead. Tairgeadh leasú (An tArd-Aighne): “In page 4, after line 31, to insert the following paragraph:— ‘(g) indicate the desirability, priority, scope and extent of any proposals for law reform’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh. (iii) Alt 5. Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille): “In page 4, subsection (2), lines 36 and 37, after ‘programme’, to insert ‘both as submitted by the Commission to the Government and’.” Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead. Aontaíodh an t-alt. (iv) Alt 6. Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille): “In page 4, line 41, to delete ‘subsection (1) and subsection (2) of’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh. (v) Aontaíodh ailt 7 go 9 go huile. (vi) Alt 10. Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille): “In page 5, lines 33 to 46, to delete subsections (4) and (5)” Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead. Tairgeadh leasú (An tArd-Aighne):— “In subsection (4), page 5, lines 33 and 34, to delete ‘make a designation under this subsection in relation to’ and substitute ‘for the purposes of subsection (5) of this section designate’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh. (vii) Alt 11. Tairgeadh leasú (An tArd-Aighne): “In page 7, subsection (7), lines 18 and 19, to delete ‘on secondment from the civil service’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh. (viii) Aontaíodh ailt 12 go 15 go huile. (ix) Aontaíodh an Teideal. 4. Tuarascáil an Choiste. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil faoi bhráid an Choiste agus léadh í mar leanas:— “The Special Committee has considered the Bill and has made amendments thereunto. The Bill, as amended, is reported to the Dáil.” Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil. Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin. 5. Deireadh an Ghnó. Chuir an Coiste deireadh lena ghnó ar 12.15 p.m. |
||||||||||||