Committee Reports::Report - Law Reform Commission Bill, 1975::18 February, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Máirt, 18 Feabhra, 1975.

Tuesday, 18th February, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Barra Deasún (sa Chathaoir), an tArd-Aighne, na Teachtaí Mac Aindriú, Ó Brosnacháin, de Valera, Anraí Dockrell, Mac Ionnrachtaigh, Easmonn, Ó Máille agus Mac Páidin.


3. An Bille a Bhreithniú.


Chrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 1 agus 2.


(ii) Alt 3.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille):


“In page 3, subsection (7), lines 11 and 12, to delete ‘or by reason of other experience or of other special qualifications or training’ and to substitute ‘or such persons as shall be recommended to the Government by the Commissioners as having suitable qualifications for such appointment’.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille):


“In page 3, line 11, before ‘experience’ to insert ‘relevant’ and to delete ‘ or of other’ and substitute ‘and’; and in line 12, after ‘training’ to insert ‘in any of the social sciences, explicitly stated in the announcement of appointment’.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Tairgeadh leasú (An tArd-Aighne):


“In page 3, subsection (9), line 21, to insert ‘under statute’ after ‘duties’.”


Aontaíodh an leasú.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille):


“In page 3, subsection (9), line 22, after ‘Commission’, to insert ‘and if a person who holds judicial office is appointed, he shall be appointed as President’.”


Ceist curtha: rinne an Coiste vótáil: Tá, 2; Níl, 6.


Tá:—Na Teachtaí Ó Brosnacháin agus Ó Máille.


Níl:—An tArd-Aighne, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Mac Ionnrachtaigh, Easmonn agus Mac Paídín.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Tairgeadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh an t-alt, mar a leasaíodh, mar chuid den Bhille.”


Tharla Díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4 p.m. go dtí 10.30 a.m., Dé Céadaoin, 19 Feabhra, 1975.