Committee Reports::Report - Reform of Dáil Procedure::31 January, 1974::Report

TUARASCÁIL

1. Ceapadh an Coiste Neamhfhoirmiúil um Athleasú Nós Imeachta na Dála in Aibreán 1971 d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta a leantar i nDáil Éireann agus moltaí le haghaidh feabhsuithe a dhéanamh. Sa tuarascáil uaidh dar dáta 1 Nollaig 1972 rinne sé roinnt moltaí a bhí ceaptha chun feabhas a chur ar nós imeachta agus cleachtas na Dála faoi láthair. Dúirt an Taoiseach sa Dáil an 13 Samhain 1973 go raibh an Rialtas i bhfabhar feidhm a thabhairt do na moltaí agus go ndéanfaí beart i dtaobh an scéil a thionscnamh sa Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí.


2. Tá an Coiste tar éis na moltaí a scrúdú agus de thoradh a scrúdaithe tá sé á mholadh don Dáil go nglacfaí leis na leasuithe ar na Buan-Orduithe is gá chun feidhm a thabhairt do mholadh Uimh. (1) agus moltaí Uimh. (6) go (13) go huile, (15) go (20) go huile, (22), (23), (26), (27), (28) agus (30) go (34) go huile mar atá leagtha amach san achomaireacht ar mholtaí i gCuid III den tuarascáil ón gCoiste Neamhfhoirmiúil. Tá na leasuithe sin leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an tuarascáil seo. Tá na mínithe orthu sin i dtéacs na tuarascála ón gCoiste Neamhfhoirmiúil.


3. Níl an Coiste i bhfabhar glacadh le moladh Uimh. (2) agus molann sé go nglacfadh an Dáil leis an leasú seo a leanas ar Bhuan-Ordú 35 atá ceaptha chun deireadh a chur le codarsnacht atá i leagan focal an Bhuan-Ordaithe faoi láthair leis an gcinneadh gan glacadh leis an moladh:—


“I líne 1, ‘an’ a scriosadh.”


Aontaíonn sé le moltaí Uimh. (3), (4), (24), (25) agus (29) ar moltaí iad nach gá dá gcionn leasú a dhéanamh ar na Buan-Orduithe agus maidir leis sin tugann sé dá aire go bhfuiltear tar éis Uimh. (3) agus (29) a chur i ngníomh cheana féin. Maidir le moladh Uimh. (5) ní aontaíonn sé gur ceisteanna nach mbíonn ach eolas staitistiúil á lorg acu, agus ceisteanna mar sin amháin, is ceart a chur síos dá thoisc sin le haghaidh freagra i scríbhinn. Measann sé gur chóir é a bheith de cheart ag Comhalta a chuireann síos a leithéid sin de cheist freagra ó bhéal nó i scríbhinn a fháil. Táthar á mholadh go nglacfaí le moladh Uimh. (14) ar an tuiscint nach ndéanfar Billí a roghnú le cur faoi bhráid Coistí Speisialta ach amháin le comhaontú na nAoirí. An Buan-Ordú is gá chun feidhm a thabhairt do mholadh Uimh. (21) moltar glacadh leis ach teorainn ama uair a chloig a chur in ionad trí cheathrú uaire a chloig do chainteoirí seachas an príomh-urlabhraí tosaigh ó gach Páirtí Freasúra agus an tAire nó an Rúnaí Parlaiminte agus é ag freagairt.


4. Thug an Coiste aird ar fhorálacha Bhuan-Ordú 86 le linn moladh Uimh. (26) a bheith á scrúdú aige. Chun críche an Bhuan-Ordaithe, measann sé gurb éard is cóir a bheith i ngrúpa seachtar comhalta ar a laghad agus tá sé tar éis mír 1 (b) a athdhréachtú dá réir sin. Tá glactha aige freisin leis an uain chun socrú a dhéanamh sa mhíniú i mír 1 (a) do Chomhaltaí a toghadh i gcorrthoghchán. Moltar dá bhrí sin go nglacfaí leis an leagan leasaithe seo a leanas de mhír (1):—


“86(1) Chun críche an Bhuan-Ordaithe seo ciallóidh grúpa—


(a) aon Pháirtí ag a raibh seachtar comhalta ar a laghad a toghadh don Dáil san Olltoghchán roimhe sin nó, má bhí níos lú ná seachtar aige, a ghnóthaigh líon seachtar comhalta de thoradh corrthoghcháin ina dhiaidh sin, nó


(b) na comhaltaí uile den Dáil nach lú ná seachtar a líon agus nach comhaltaí d’aon Pháirtí den sórt sin”.


5. Molann an Coiste freisin go nglacfaí leis na leasuithe de chineál teicniúil nó dréachtóireachta a mhol an Ceann Comhairle don Choiste Neamhfhoirmiúil. Tá na leasuithe sin agus na cúiseanna atá leo leagtha amach i gCuid II den Sceideal.


6. Scrúdaigh an Coiste roinnt leasuithe ar na Buan-Orduithe a mhol an Ceann Comhairle ina dteannta siúd atá sa tuarascáil ón gCoiste Neamhfhoirmiúil. Tá na leasuithe sin ar áireamh i gCuid II den Sceideal agus is chuige iad chun leagan focal Buan-Orduithe 19 agus 21 a chur i gcomhréir leis an nós imeachta trína ndéileáiltear i modh Ordaithe agus ní i modh Rúin le tairiscint go suífear déanach. Moltar go nglacfadh an Dáil leis na leasuithe.


7. Á bhreithniú dó cén feabhsú eile a d’fhéadfaí a dhéanamh ar nós imeachta láithreach na Dála thug an Coiste aird ar an gcleachtas a leantar maidir le ráitis ó Aire. Tugann sé dá aire nach bhféadtar ráitis a dhéanamh ach amháin le comhaontú an Tí agus, i gcás ina gceadaítear ráitis tar éis d’Aire ráiteas a dhéanamh, nach bhfuil cead labhartha ach amháin ag ceannairí na bPríomh-Pháirtithe Freasúra. Measann an Coiste nach iomchuí go bhféadfadh neamhthoil Comhalta aonair cosc a chur le hAire do dhéanamh ráitis. Measann sé gur chóir nós imeachta nua a cheapadh anois a thabharfaidh nach gá feasta go bhfaighfí comhaontú an Tí le hAire do dhéanamh ráitis agus a fhágfaidh faoi rogha na Cathaoireach ráitis bhreise a cheadú. Táthar á mholadh, dá bhrí sin, go nglacfaí leis an mBuan-Ordú nua seo a leanas:


“Féadfaidh comhalta den Rialtas a mbeidh fógra roimh ré tugtha aige don Cheann Comhairle ráiteas a dhéanamh sa Teach ar ábhar ar bith. Ní cheadófar aon díospóireacht ar aon ráiteas den sórt sin ach féadfar ráitis bhreise a cheadú de rogha an Cheann Comhairle ó urlabhraí arna ainmniú ag Páirtí Freasúra.”


(Sínithe) SEÁN Ó TREASAIGH,


Cathaoirleach.


31 Eanáir, 1974.


SCEIDEAL

CUID I.

Buan-Ordú

Leasú

29

I mír (1) línte 2 agus 3, agus 8 agus 9, na focail “ní áirithe a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis” a scriosadh agus na focail “ní sonrach tábhachtach a bhaineann le leas an phobail agus nach foláir a bhreithniú go práinneach” a chur ina n-ionad.

33

An Buan-Ordú a scriosadh agus Ordú nua a chur ina ionad mar a leanas:—

 

“Am le haghaidh Ceisteanna

33. Mura n-ordóidh an Dáil a mhalairt ar thairiscint ó chomhalta den Rialtas tógfar Ceisteanna ó 3 p.m. go 4 p.m. ar an Máirt agus ar an gCéadaoin agus ó 2.30 p.m. go 3.30 p.m. ar an Déardaoin”.

34

Mír (1) a scriosadh agus mír nua a chur ina ionad mar a leanas:—

 

 

“(1) Más rud é

 

 

(i) go gcuirfidh Comhalta réiltín lena Cheist, nó

 

 

(ii) go n-iarrfaidh sé go ndéanfaí sin maidir lena Cheist nach mbeidh sroichte,

 

 

déanfaidh an Comhalta den Rialtas chun ar cuireadh an Cheist freagra uirthi a chur ar fáil i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí”.

 

I mír (2) líne 4 den Bhuan-Ordú an focal “féadfaidh” a scriosadh agus an focal “déanfaidh” a chur ina ionad.

40

I líne 2 na focail go léir i ndiaidh na bhfocal “go dtí” a scriosadh agus na focail “go dtairgfear an cheist iomchuí ón gCathaoir” a chur ina n-ionad.

46

I líne 2 na focail “a socraíodh” a scriosadh agus na focail “a bhí faoi thrácht” a chur ina n-ionad.

47

(Ní gá athrú sa Ghaeilge.)

58

I líne 16 an focal “cúigear” a scriosadh agus an focal “deichniúr” a chur ina ionad

64

Líne 5 a scriosadh.

65

An Buan-Ordú a scriosadh.

66

An Buan-Ordú a scriosadh.

71

Mír nua mar a leanas a chur leis an Ordú:—

 

“(2) I gcás comhalta a bheidh ainmnithe ag an gCoiste Roghnóireachta chun fónamh ar Choiste Speisialta a bheith as láthair féadfaidh comhalta den Dáil a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta a bheidh as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad”.

75

I líne 5 na focail go léir i ndiaidh na habairte “den Dáil uile” a scriosadh agus na focail “nó ag suíonna Roghchoiste nó Coiste Speisialta mura n-ordóidh an Roghchoiste nó an Coiste Speisialta sin a mhalairt”.

77

I líne 2 an focal “Coistí” a scriosadh agus na focail “an Choiste” a chur ina ionad.

83

Na focail go léir i ndiaidh na bhfocal “ar an Déardaoin” i línte 2 agus 3 a scriosadh síos go dtí na focail “faoi bhreithniú” i líne 7 agus na focail “tráthanna eile” a scriosadh i líne 8.

 

Na focail “ná le linn na tréimhse a shonrófar sa tairiscint” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an lá sin” i líne 14.

86

Roimh mhír (2) mír nua mar a leanas a chur isteach:—

 

 

“(2) Beidh de cheart ag gach grúpa comhalta príobháideach den ghrúpa a ainmniú chun Bille a thíolacadh ar choinníoll nach mbeidh os comhair na Dála Bille eile arna thíolacadh ag comhalta a bheidh ainmnithe ag an ngrúpa”.

 

I mír (2) na focail “nó dul ar aghaidh le Céim de Bhille sa Dáil” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh” i líne 3.

 

I mír (3) líne 2 na focail “nó a thógfar céim de Bhille sa Dáil” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “tairiscint”; i ndiaidh na bhfocal “a dhéanamh” i líne 4 na focail “nó cad é an chéim den Bhille atá le tógáil” a chur isteach; agus i líne 6 na focail “tairiscint sin” a scriosadh agus na focail “tairiscint nó don Bhille” a chur ina n-ionad.

87

Roimh mhír (2) mír nua mar a leanas a chur isteach:—

 

 

“(2) Ní thabharfar thar sé huaire a chloig ar fad le haghaidh na díospóireachta ar an tairiscint don Dara Céim de Bhille a thionscnóidh comhalta príobháideach. Nuair a bheidh an tréimhse sin caite, agus mura mbeidh na himeachtaí críochnaithe, cuirfidh an Ceann Comhairle láithreach an cheist nó na ceisteanna is gá chun na himeachtaí ar an tairiscint agus aon leasú uirthi a chríochnú”.

 

I mír 2 líne 1 an focal “an” a scriosadh agus an focal “aon” a chur ina ionad.

88

I línte 2 agus 3 na focail “a thabhairt isteach” a scriosadh agus na focail “a thionscnamh” a chur ina n-ionad.

89

Mír (1) a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur ina hionad:—

 

“Billí a thionscnamh

89 (1) Cuirfear ar Riar na hOibre teideal gach Bille a thíolaicfear nó a bheidh le tabhairt isteach, mar aon le gearrthuairisc ar a chuspóir, a d’ullmhaigh tairgtheoir an Bhille agus lenar ghlac an Ceann Comhairle.

 

 

(2) Féadfaidh comhalta ar bith a thairiscint go dtabharfar cead chun Bille a thabhairt isteach. Má chuirtear i gcoinne na tairisceana sin ceadóidh an Ceann Comhairle ráiteas mínitheach nach faide ná cúig nóiméad ar fad ón gcomhalta a rinne an tairiscint agus ó chomhalta atá ag cur i gcoinne na tairisceana sula gcuirfidh sé an cheist uirthi. Má thugtar cead an Bille a thabhairt isteach, déanfar Ordú don dara léamh agus clóbhuailfear an Bille.

 

 

(3) Féadfaidh comhalta den Rialtas, Rúnaí Parlaiminte nó comhalta príobháideach a ainmneofar chuige sin faoi Bhuan-Ordú 86 (2) Bille a thíolacadh gan cead roimh ré a fháil ón Teach agus clóbhuailfear aon Bhille a thíolacfar amhlaidh agus déanfar Ordú don dara léamh”.

90

Mír nua a chur leis mar a leanas:—

 

“(2) Más rud é ar leasú ar an Tairiscint don dara léamh ar Bhille go gcinnfear go bhfanfaidh na focail a bheartaítear a scriosadh mar chuid den cheist, dearbhófar láithreach an Bille a bheith léite an dara huair”.

98

An Buan-Ordú a scriosadh agus Ordú nua mar a leanas a chur ina ionad:—

 

“Bille a bhreithniú ar Thuarascáil

98 (1) Murar tairgeadh aon leasuithe ar Bhille ar Thuarascáil déanfar Ordú ag ceapadh lá dá Chúigiú Céim.

 

 

(2) Má tairgeadh leasuithe ar Bhille ar Thuarascáil cromfaidh an Dáil ar iad a bhreithniú”.

99

An Buan-Ordú a scriosadh agus Ordú nua a chur ina ionad mar a leanas:—

 

“Tairiscint le haghaidh athchúrsa i gCoiste

99 (1) Féadfar tairiscint a dhéanamh go gcuirfear Bille faoi athchúrsa i gCoiste ina iomláine nó maidir le hailt nó leasuithe áirithe. Féadfar an tairiscint a dhéanamh tráth ar bith sula mbeidh an tOrdú don Chúigiú Céim déanta.

 

 

(2) Má chuirtear i gcoinne tairiscint chun Bille a chur faoi athchúrsa i gCoiste, ceadóidh an Ceann Comhaile ráiteas mínitheach ón gcomhalta a rinne an tairiscint ar na cúiseanna chun é a chur faoi athchúrsa i gCoiste agus ráiteas ó chomhalta atá ag cur i gcoinne na tairisceana sula gcuirfidh sé an cheist uirthi”.

100

Na focail go léir ó “Féadfar” síos go dtí an focal “Ach” i líne 3, agus an focal sin a áireamh, a scriosadh.

103

I líne 1 na focail “le haon leasuithe” a chur in ionad na bhfocal “leis na leasuithe” agus i línte 1 agus 2 na focail agus na lúibíní “(más ann)” a scriosadh agus i líne 2 na focail go léir ón bhfocal “agus” síos go dtí “air” i líne 5 a scriosadh.

119

An Buan-Ordú a scriosadh agus dhá Ordú nua a chur ina ionad mar a leanas:—

 

“Billí a tharraingeodh muirir ar an bpobal

(1) Bille arb é a phríomh-chuspóir muirear a chur ar an bpobal ní thionscnófar é mura mbeidh an Dáil tar éis tairiscint a rith ag ceadú an mhuirir. Ní fhéadfaidh aon chomhalta nach comhalta den Rialtas aon tairiscint den sórt réamhráite a dhéanamh, ná aon leasú uirthi a thairiscint, chun an tsuim a luaitear inti a mhéadú.

 

 

(2) Ní thógfar Céim an Choiste de Bhille a tharraingeodh go teagmhasach muirear ar an bpobal mura mbeidh an Dáil tar éis tairiscint a rith ag ceadú an mhuirir. Ní fhéadfaidh aon chomhalta nach comhalta den Rialtas aon tairiscint den sórt réamhráite a dhéanamh, ná aon leasú uirthi a thairiscint, chun an tsuim a luaitear inti a mhéadú.

 

 

(3) Ní fhéadfaidh aon chomhalta nach comhalta den Rialtas nó Rúnaí Parlaiminte leasú a thairiscint ar Bhille a bhféadfadh go mbeadh d’éifeacht leis go gcuirfí nó go méadófaí muirear ar an bpobal”.

 

“Billí a tharraingeodh leithreasú ioncaim nó airgid phoiblí eile

(1) Ní thionscnóidh aon chomhalta nach comhalta den Rialtas Bille arb é a phríomh-chuspóir ioncam nó airgead poiblí eile a leithreasú.

 

 

(2) Ní thógfar céim an Choiste de Bhille a tharraingeodh leithreasú ioncaim nó airgid phoiblí eile mura mbeidh Teachtaireacht ag an Dáil ón Rialtas ag moladh cuspóra an leithreasaithe di. Clóbhuailfear téacs aon Teachtaireachta ar Riar na hOibre [Féach Airteagal 17.2 den Bhunreacht].

 

 

(3) Ní fhéadfaidh aon chomhalta nach comhalta den Rialtas nó Rúnaí Parlaiminte leasú a thairiscint ar Bhille a bhféadfadh go mbeadh d’éifeacht leis go gcuirfí nó go méadófaí muirear ar an bpobal.”

Nua (roimh 120)

Roimh Bhuan-Ordú 120 Ordú nua a chur isteach mar a leanas:—

“Deontais le haghaidh na seirbhíse poiblí

Déanfaidh an Dáil gach deontas airgid a bheartófar le haghaidh na seirbhíse poiblí a bhreithniú ar thairiscint a gcinnfear í gan leasú agus ina luafar an tsuim a bheidh le deonú agus an tseirbhís áirithe dá mbeifear ag iarraidh na suime. Ní fhéadfaidh aon chomhalta nach comhalta den Rialtas aon tairiscint den sórt sin a dúradh a dhéanamh”.

121

I líne 5 “d’Aibreán” a scriosadh agus na focail “den bhliain airgeadais” a chur ina ionad.

122

An Buan-Ordú a scriosadh.

123

An Buan-Ordú a scriosadh.

124

An Buan-Ordú a scriosadh.

Nua (roimh 125)

Roimh Bhuan-Ordú 125 Ordú nua a chur isteach mar a leanas:—

“Vótálacha ar Mheastacháin.

(1) Déanfaidh an Ceann Comhairle, nuair a éileofar vótáil ar Mheastachán sa Teach nó ar aon tairiscint a thógfar in éineacht leis an Meastachán sin, tógáil gach vótála den sórt sin a chur siar go dtí 10.15 p.m. an lá sin má bhíonn an Teach ina shuí go dtí an t-am sin agus, mura mbeidh, go dtí 10.15 p.m. an chéad lá eile a bheidh an Teach ina shuí go dtí an t-am sin.

 

 

(2) Déanfar ar 10.15 p.m. aon ghnó a bheidh faoi bhreithniú an uair sin a stopadh chun gach vótáil den sórt sin a thógáil. I gcás ina mbeidh níos mó ná vótáil amháin le tógáil ar 10.15 p.m. tógfar na vótálacha san ord ama inar éilíodh iad.

 

 

(3) Má bhíonn imeachtaí faoin Ordú seo ar siúl an t-am a bheidh ceaptha chun gnó a stopadh, ní stopfaidh an Ceann Comhairle an gnó amhlaidh go dtí go gcríochnófar na himeachtaí i ndáil leis na vótálacha agus na ceisteanna go léir a bheidh gan chinneadh”.

125

An Buan-Ordú a scriosadh.

Nua (roimh 127)

Roimh Bhuan-Ordú 127 Ordú nua a chur isteach mar a leanas:—

Teorainn ama le hóráidí ar Rúin Airgeadais agus Meastacháin

Mura n-ordóidh an Dáil a mhalairt ní rachaidh óráid comhalta le linn díospóireacht ar thairiscint le haghaidh muirear a chur ar an bpobal nó le haghaidh airgead a dheonú a bheartófar don tseirbhís phoiblí thar uair a chloig: Ar choinníoll nach rachaidh óráid an chéad chainteora ó ghrúpa (mar a mhínítear le Buan-Ordú 86(1)(a)) i bhfreasúra ná óráid chomhalta an Rialtais nó an Rúnaí Parlaiminte ag freagairt na díospóireachta thar uair go leith a chloig i ngach cás: Ar choinníoll fairis sin nach mbainfidh an t-ordú seo leis an óráid ó chomhalta den Rialtas nó ó Rúnaí Parlaiminte ag cur tús leis an díospóireacht.”

SCEIDEAL

CUID II

Buan-Ordú

Leasú

An Chúis

11

I líne 3 na focail “ansin fad a bheidh siad beirt as láthair” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “láthair” agus i líne 9 na focail “ar feadh an lae sin amháin” a scriosadh.

Thiocfadh go mbeadh an Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle araon as láthair roinnt laethanta. Ba cheart nár ghá don Teach toghadh a dhéanamh an athuair gach lá acu sin.

13

I líne 5 na focail “chun críche na mBuan-Orduithe seo” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “a chomharba”.

Dhealródh sé ó bhreithiúnas ón Ard-Chúirt le déanaí nach Ceann Comhairle chun críche comhaltais Bord Achomhairc faoin Acht Toghcháin, 1963, A. 13, an Ceann Comhairle, tar éis an Teach a lánscor.

15

1. I líne 3 na focail “beirt chomhalta” a scriosadh agus na focail “cúigear comhalta” a chur ina n-ionad.

1. Is fada neamhréireach an uimhir “beirt”.

 

2. I líne 5 na focail “chomhalta i gceannas” a scriosadh agus na focail “Chathaoirleach sealadach” a chur ina n-ionad.

2. Tá brí bhunreachtúil ag gabháil leis an abairt “comhalta i gceannas” agus folaíonn sé an Leas-Cheann Comhairle.

Nua (roimh 16)

Ordú nua mar a leanas a chur isteach:

 

 

“Dualgais agus údarás an Leas-Cheann Comhairle

Le linn don Leas-Cheann Comhairle (nó do Chathaoirleach sealadach) a bheith i gceannas déanfaidh sé na dualgais a chuirtear, agus an t-údarás a bhronntar, ar an gCeann Comhairle leis na Buan-Orduithe seo a chomhlíonadh agus a fheidhmiú ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite iontu”.

Níl aon ní sna Buan-Orduithe ag insint dualgais agus údarás an Leas-Cheann Comhairle.

16

I mír (2) líne 1 na focail “gach ordú agus scríbhinn oifigiúil” a scriosadh agus na focail “Orduithe an Lae, Imeachtaí na Dála agus gach doiciméad iomchuí eile” a chur ina n-ionad.

Níl an fhoráil atá ann faoi láthair de réir na bhfíoras. Ní eisíonn an Dáil orduithe mura de réir brí fíortheoranta Bhuan-Ordú 88 (3) a úsáidtear an focal. Más é a chiallaíonn “scríbhinn oifigiúil” doiciméid arna n-eisiúint faoi údarás na hOifige, tá Billí agus Díospóireachtaí san áireamh agus is i mBéarla amháin is gnách iad sin a eisiúint.

18

I líne 7 na focail “agus leanfar dá mbualadh ar feadh seal nach lú ná trí nóiméad” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “na cloig vótála”.

Tá sé chomh riachtanach céanna fios a bheith ar thréimhse bhuailte na gclog agus atá sé fios a bheith ar an tréimhse feithimh dá éis sin.

19

1. I mír (2) línte 5 agus 6 na focail “tabharfaidh an Cathaoirleach tuairisc ar a ndearnadh agus iarrfaidh cead chun suí arís” a scriosadh agus na focail “tabharfar tuairisc ar a ndearnadh agus iarrfar cead chun suí arís” a chur ina n-ionad, agus i mír 5 línte 6 agus 7 na focail “no an Cathaoirleach, cibé acu é”, a scriosadh.

1. Dréachtú. Tá an Cathaoirleach i go leor áiteanna sna Buan-Orduithe mar mhalairt ar an gCeann Comhairle. Dhealródh sé gur de bharr aithris a dhéanamh ar théarmaíocht Bhreataineach le linn dréachtaithe bhunaidh na mBuan-Orduithe a tharla sin. I nDáil na Breataine, ní bhíonn an Speaker i gceannas an Tí i gCoiste.

 

2. I mír (2) líne 7 na focail “glacadh le Rún” a scriosadh agus na focail “Ordú a dhéanamh” a chur ina n-ionad agus i línte 10 agus 11 na focail “sa Rún” a scriosadh agus na focail “san Ordú” a chur ina n-ionad.

2. Is ar mhodh Ordaithe agus ní ar mhodh Rúin a dhéileáiltear le suí déanach.

 

3. I mír (3) líne 3 na focail “(3.30 p.m. ar an Déardaoin)” a scriosadh agus na focail “ar an Máirt nó ar an gCéadaoin agus nach déanaí ná 3.30 p.m. ar an Déardaoin” a chur ina n-ionad.

3. Dréachtú.

20

I líne 13 na focail “níos déanaí ná” a scriosadh agus i líne 16 na focail “ar Riar na hOibre” a scriosadh agus na focail “a bheidh le tógáil” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

21

1. I líne 5 “glacadh le rún” a scriosadh agus “Ordú a dhéanamh” a chur ina ionad.

1. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

 

2. I línte 6 agus 7 na focail “nó an Cathaoirleach, cibé acu é,” a scriosadh.

2. Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

25

An Buan-Ordú a scriosadh agus Ordú nua a chur ina ionad mar a leanas:—

Mar atá sé faoi láthair tá an Buan-Ordú lochtach. Níl 3 (1) (a) (b) (c) agus (d) ag freagairt do rudaí mar atá faoi láthair. Athdhréacht é seo a leanann as na moltaí atá beartaithe.

 

“Cúrsa an ghnó

25. Is mar a leanas a bheidh gnáthchúrsa laethúil an ghnó sa Dáil:—

 

 

*1. Ceisteanna

 

 

 

2. Gnó Príobháideach

 

 

 

3. Gnó Poiblí—

 

 

 

(i) i dtosach Gnó Phoiblí—

 

 

 

(a) Tuarascálacha ó Choistí.

 

 

 

(b) Teachtaireachtaí ón Seanad.

 

 

 

(c) Billí ón Seanad.

 

 

 

(d) Billí a thionscnamh.

 

 

 

(e) Fógraí Tairisceana.

 

 

 

(ii) Orduithe an Lae.

 

 

 

Is mar a leanas a bheidh gnáthchúrsa an ghnó in am Comhaltaí Príobháideacha [B.O. 83]:—

 

 

 

(i) Gnó a cuireadh ar Athló dá mbeidh tosach tugtha faoi na Buan-Orduithe.

 

 

 

(ii) Gnó dá mbeidh tosaíocht tugtha faoiBhuan-Ordú 86 (3).

 

 

 

(iii) Gnó Eile a ordaíodh.

 

 

 

(iv) Fógraí TairisceanaEile”.

 

26

I línte 1 agus 2 na focail “chomh luath is a bheifear réidh leis na Ceisteanna” a scriosadh agus na focail “roimh thosach Gnó Phoiblí” a chur ina n-ionad.

Ní leanann Gnó Príobháideach na Ceisteanna ar an Déardaoin.

30

I líne 1 na focail “chun comhalta den Rialtas” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “Ceisteanna” agus i líne 9 na focail “do chomhalta den Rialtas” a scriosadh.

Dréachtú.

34

I mír (2) líne 3 na focail “nó freagra armhodh ráitis tháblaigh” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “fada”.

Sin í an chúis is gnách gur sa Tuairisc Oifigiúil a thugtar freagra.

37

I líne 4, na focail “nó an Cathaoirleach, cibé acu é,” a scriosadh.

Dreachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

38

I línte 1 agus 2 na focail “nó an Cathaorleach,” a scriosadh.

Dréachtúl. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

39

I líne 4 na focail go léir i ndiaidh “féin” a scriosadh.

Is é cleachtadh an Tí gan ach díospóireacht amháin a dhéanamh ar thairiscint agus leasuithe air. Is féidir Ceist a thairiscint ina mbíonn leasú, e.g. “Go seasfaidh focail”. Mura féidir sin a dhéanamh, déantar díospóireacht ar an leasú i dteannta na tairisceana agus cuirtear ceist ar leithligh faoi, más gá, nuair a bhíonn críoch leis an díospóireacht.

45

I líne 9 na focail “nó a leasú” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “a chealú”.

Dréachtú.

47

I línte 4 agus 5 na focail “nó leis an gCathaoirleach,” a scriosadh agus i línte 6 agus 7 na focail “nó an Cathaoirleach,” a scriosadh.

Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

48

An Buan-Ordú a scriosadh agus Ordú nua a chur ina ionad mar a leanas:—

Dréachtú.

 

“Ord a choimeád sa Dáil agus i gCoistí

Is é an Ceann Comhairle an breitheamh ar ord sa Dáil agus i gCoiste den Dáil uile agus tá údarás aige mí-ord a chosc agus iallach a chur ar chách géilleadh go tapaidh dá rialú. I Roghchoistí nó i gCoistí Speisialta, is é an Cathaoirleach a choimeádfaidh ord, ach ní féidir mí-ord ná toirmeasc gnó i gCoistí a cháineadh ach amháin sa Dáil tar éis di tuairisc air a fháil.”

 

49

Mír nua a chur leis mar a leanas:—

Sin an cleachtadh.

 

“(2) Ní fhéadfar comhalta a ainmniú ná ní fhéadfar glaoch ar an Dáil chun breith a thabhairt ar a iompar ach amháin nuair a bheidh an Ceann Comhairle i gceannas.”.

 

50

I línte 10, 11, 12 agus 13 na focail “déanfaidh an Cathaoirleach na himeachtaí a chur ar fionraí láithreach agus na himthosca a thuairisciú don Dáil, agus air sin, tar éis tairiscint a bheith déanta,” a scriosadh agus na focail “cuirfear na himeachtaí ar fionraí láithreach agus tuairisceofar na himthosca don Dáil, agus” a chur ina n-ionad.

Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

53

I mír 3 líne 1 na focail go léir i ndiaidh an fhocail “nach” a scriosadh agus na focail “bhféadfaidh aon chomhalta cead a éileamh chun a thairiscint ‘Go gcuirfear an cheist anois’ mura mbeidh an Ceann Comhairle i gceannas” a chur ina n-ionad.

Is é an chúis atá leis chun nach dtarlóidh teagmhais mar a tharla i mí Iúil, 1967, nuair ab éigean, le linn an Leas-Cheann Comhairle a bheith i gceannas, fios a chur, arís agus arís eile, ar an gCeann Comhairle chun dul i gceannas.

54

An Buan-Ordú a scriosadh.

Níor baineadh feidhm as an mBuan-Ordú ariamh ó glacadh leis an 24 Iúil, 1923. Is dóigh nach dtabharfaí cead ón gCathaoir dá bhféachfadh comhalta éigin faoin am seo lena chur chun feidhme.

55

I line 1 na focail “comhalta den Rialtas nó” a chur isteach i ndiaidh “Féadfaidh” agus “[Féach Airteagal 28.8 den Bhunreacht]” a chur mar fhonóta leis an mBuan-Ordú.

Is ceart go n-inseodh an Buan-Ordú an scéal ar fad.

56

I mír (1) líne 3 na focail “, nó an Cathaoirleach,” a scriosadh agus i mír (2) línte 1 agus 2 na focail “nó don Chathaoirleach,” a scriosadh.

Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

57

1. I líne 2 na focail “, nó an Cathaoirleach,” a scriosadh.

1. Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

 

2. I líne 3 na focail “ar feadh seal nach lú ná trí nóiméad” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “amháin”.

2. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 18.

58

I línte 3 agus 8 na focail “, nó an Cathaoirleach,” a scriosadh agus i líne 13 na focail “nó leis an gCathaoirleach,” a scriosadh.

Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

59

I líne 3 na focail “, nó chuig an gCathaoirleach,” a scriosadh.

Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

63

I líne 6 i ndiaidh an fhocail ’‘vótala” na focail “ar feadh seal nach lú ná trí nóiméad” a chur isteach.

Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 18.

64

Línte 6 agus 7 a scriosadh.

Leanann sin as Buan-Ordú 54 a scriosadh.

67

I líne 9 na focail “ar an gCoiste sin” a scriosadh agus an focal “air” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

72

Na focail go léir ón bhfocal “Beidh” i líne 1 go dtí an focal “Speisialta” i líne 3 a scriosadh.

Ní chuirtear an fhoráil sin i ngníomh ar chor ar bith agus ní gá í.

79

Na focail “na gcléireach” a scriosadh as líne 2 agus “na comhfhoirne” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

82

I mír (1) líne 2 i ndiaidh an fhocail “Dála” na focail “do gach suí” a chur isteach agus i mír (2) líne 3 na focail “páipéar, scríbhinn agus” a scriosadh.

Dréachtú.

90

I líne 11 na focail “ligean ar lár” a scriosadh agus an focal “scriosadh” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

91

I mír (1) líne 8 na focail “Speisialta sin” a scriosadh agus i líne 9 na focail “córam an Choiste sin” a scriosadh agus na focail “a chóram” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

94

I mír (2) línte 2 agus 3 na focail “cuirfidh an Cathaoirleach” a scriosadh agus an focal “cuirfear” a chur ina n-ionad.

Dréachtú. Féach an nóta a ghabhann le Buan-Ordú 19.

96

I mír (2) líne 4 an focal “dóibh” a scriosadh agus an focal “dó” a chur ina ionad.

Dréachtú.

102

I línte 3 agus 4 na focail “rátaí nó ualaí áitiúla ar an bpobal, nó a fhorchuirfeadh pionóis airgid” a scriosadh agus na focail “an ioncam poiblí nó ar an bpobal” a chur ina n-ionad.

Foráil sheanda an fhoráil bhunaidh. Caitear Bille a chur faoi athchúrsa i gCoiste maidir le leasuithe a fhorchuireann muirear ar an ioncam nó ar an bpobal.

106

I mír (1) líne 5 na focail “ritheann an Dáil” a scriosadh agus an focal “ritear” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

113

I mír (1) líne 1 na focail “I dtosach ré gach Dála” a scriosadh agus na focail “A luaithe is féidir é tar éis don Dáil ationól i ndiaidh Olltoghcháin” a chur ina n-ionad.

Dréachtú. Ar comhréir leis an ráiteachas i mBuan-Orduithe 73 agus 74.

126

I línte 1 agus 4 an focal “Vóta” a scriosadh agus an focal “Meastachán” a chur ina ionad agus i líne 2 an focal “Vóta” a scriosadh agus an focal “Mheastacháin” a chur ina ionad.

Dréachtú.

128

I línte 4 agus 5 na focail “mar a fhoráiltear le hAirteagal 22 den Bhunreacht” a scriosadh agus na focail “gur Bille Airgid é” a chur ina n-ionad agus “[Féach Airteagal 22.2 den Bhunreacht]” a chur isteach ina íochtar.

Dréachtú.

134

I líne 4 an focal “Billí” a scriosadh agus an focal “Bille” a chur ina ionad…

Dréachtú.

138

I mír (3) líne 3 na focail “, nó ainmneacha na gcomhaltaí,” a scriosadh; i mír (4) líne 2 na focail “nó comhaltaí” a scriosadh; agus i mír (4) líne 5 na focail “nó do na comhaltaí” a scriosadh; agus i mír (4) líne 3 na focail “nó corrfholúntais” a scriosadh agus i líne 6 na focail “nó dóibh beith” a scriosadh agus an focal “bheith” a chur ina n-ionad.

Dréachtú.

140

I mír (2) líne 5 an focal “ann” a scriosadh.

Dréachtú.

*Faoi réir forálacha Bhuan-Ordú 33.