Committee Reports::Report - Reform of Dáil Procedure::06 December, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 6 Nollaig, 1973.

Thursday, 6th December, 1973.

1. Tionóladh an Cúigiú cruinniú den Choiste ar 11 a.m. i Seomra 114.


2. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Mac Artúir, Barra Deasún, Stráinse, Ó Leathlobhair, Ó Máille, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


3. Athleasú nós Imeachta na Dála.


Dúirt Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh gur chuir an Taoiseach in iúl sa Teach an 13 Samhain 1973 go raibh an Rialtas i bhfabhar feidhm a thabhairt do na moltaí a rinne an Coiste Neamhfhoirmiúil um Athleasú Nós Imeachta na Dála sa tuarascáil uaidh dar dáta 1 Nollaig 1972. Dá dtabharfaí feidhm do na moltaí chaithfí na Buan-Orduithe a leasú agus bhí an scéal á thabhairt go foirmiúil anois os comhair an Choiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí chun an tuarascáil is gá a thabhairt don Teach.


Bhreithnigh an Coiste an achomaireacht ar na moltaí atá leagtha amach i gCuid III den Tuarascáil ón gCoiste Neamdhoirmiúil agus d’aontaigh sé le moltaí Uimhreacha (1), (3), (4) agus (6) go (20) go huile.


Cuireadh siar cinneadh ar mholadh Uimh. (2).


I gcás moladh Uimh. (5) níor aontaigh an Coiste, maidir le ceisteanna nach mbíonn ach eolas staitistiúil á lorg acu, gur le haghaidh freagra i scríbhinn a chuirfí síos i gcónaí iad. Measadh gur chíir é a bheith de cheart ag Comhalta a chuireann síos a leithéid sin de cheist freagra ó bhéal nó i scríbhinn a fháil, mar is rogha leis.


Glacadh le moladh Uimh. (14) ach measadh nár cheart Billí a roghnú le cur faoi bhráid Coistí Speisialta ach amháin le comhaontú na nAoirí.


Cuireadh siar breithniú ar mholadh Uimh. (21).


4. Chuaigh an Choiste ar athló ar 12.50 p.m.