|
TUARASCAILCUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTAMEAMRAIM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 24 BEALTAINE, 1973, AGUS 11 DEIREADH FÓMHAIR, 1973TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 IÚIL, 1969Mír 5. Táillí i leith seirbhísí gairmiúla i ndáil le tionscadail thógála.1. Tugann an Coiste dá aire ó Mheamram an Aire Airgeadais dar dáta 11 Deireadh Fómhair, 1973, go bhfuil feidhmeanna ag an gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna, ag an gCoimisiún Cleachtas Srianta agus ag an Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta maidir leis na taillí a íoctar i leith seirbhísí gairmiúla i ndáil le tionscadail thógála. Deir an Meamram go raibh na comhlachais sin i gcomhairle lena chéile chun fiosrú conas ab fhearr a fhéadfaí plé leis an gceist sin agus go raibh súil acu teacht ar chinneadh sula bhfad. Gheall an tAire an Coiste a choinneáil ar an eolas faoi chúrsaí. Míreanna 24-29. Deacrachtaí ag fáil foirne státseirbhíse.2. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil de thoradh sásúil ar na bealaí feabhsaithe earcaíochta agus ar na hathruithe eagraíochta a rinneadh le déanaí i Roinn an Aire go bhfuil laghdú tagtha ar an méid folúntas ach go bhfuil na deacrachtaí earcaíochta méadaithe mar gheall ar an leathnú atá ag teacht i ngach earnáil den státseirbhís agus an méadú atá tagtha ar na deiseanna malairte fostaíochta atá ar fáil do dhaoine ag fágáil scoile dóibh agus do chéimithe ollscoile. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil an tAire sásta go bhfuil na gnáthdhéanmhais eagraíochta, mar aon leis an méadú agus an éagsúlacht atá ag teacht ar an tseirbhís feadh an ama, tar éis freastal cheana féin ar an dóigh le dul chun cinn atá riachtanach; go dtiocfaidh laghdú ar an gcailliúint foirne de thoradh deireadh a chur leis an mbacainn pósta ar bhanstátseirbhísigh, go háirithe i ngrád na gcúntóirí cléireachais, agus gur chóir gur mhór an cuidiú an dul ar aghaidh atá á dhéanamh faoi láthair i dtreo an chomhphá le laghdú a thabhairt ar an méid foirne tréineáilte a chailltear. Is eol don Choiste go bhfuil pátrúin fostaíochta ag athrú le déanaí agus ba mhaith leis go ndéanfadh Roinn na Seirbhíse Poiblí agus ill Roinn Airgeadais é a choinneáil ar an eolas faoin scéal maidir ill sin. Tá sé beartaithe aige an scéal a choinneáil faoi bhreithniú ill tá figiúirí á lorg aige ag insint an méid folúntas sna gráid iontrá ill éagsúla sa státseirbhís agus an méid iarratas a fhaightear á n-iill raidh. TUARASCÁIL DAR DÁTA 12 SAMHAIN, 1970Mír 13. Rialú dúbláideach ar ghníomhaíochtaí áirithe sa Roinn Cosa3. Fanfaidh an Coiste le tuilleadh eolais atá geallta ag ill faoi rialú dúbláideach ar ghníomhaíochtaí áirithe sa Roinn ill Easnaimh ar Ospidéil Shaorálacha.4. Tugann an Coiste dá aire go n-aontaíonn an Roinn Sláinte agus an Roinn Airgeadais, i bprionsabal, le moladh an Choiste gur díreach amach as gnáth-airgead fomhírcheann ba cheart airgead Státchiste a thabhairt feasta d’údaráis ospidéal saorálach in ionad é a thabhairt dóibh go neamhdhíreach as airgead deontais-i-gcabhair. Tugann sé dá aire go bhfuil an scéal á bhreithniú faoi láthair mar aon leis an gceist i dtaobh athruithe reachtaíochta a bheith ag teastáil. Beidh sé ag feitheamh le tuilleadh eolais. Míreanna 22-26. Forbairtí caipitil ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gCill Droichid, Co. Chill Dara.5. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh in iúl don Aire nach ndearnadh aon chinneadh go fóill ar mheas an EBT ar na pleananna i dtaobh tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Dháimh na Talmhaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, lena n-áirítear Eastát Lyons. Tugann sé dá aire fós go bhfuil an tionscadal sin á scrúdú ag an mBanc Domhanda ar ar iarradh airgead a sholáthar le haghaidh na forbartha. Beidh an Coiste ag feitheamh leis an toradh. Mír 30. Caiteachas reatha ar scoileanna cuimsitheacha.6. Tugann an Coiste dá aire tuairimí na Roinne Oideachais faoin mbarúil go mb’fhéidir go mb’fhearr a d’fhéadfaí sonraí caiteachais reatha ar scoileanna cuimsitheacha, agus freisin ar ioncam, más ann, a thabhairt dá mba ar mhodh cuntas fáltas agus íocaíochtaí maidir le gach scoil a thabharfaí iad. Bheadh fáilte ag an gCoiste, sula mbreithneodh sé an t-ábhar sin tuilleadh, roimh thuairimí na Roinne Airgeadais mar ghníomhaireacht rialaithe le hairgeadas poiblí a rialú agus a bhainistí. TUARASCÁIL DAR DÁTA 13 IÚIL, 1972Mír 81. Foscríbhinn 2A. Deontais-i-gCabhair.7. Tugann an Coiste dá aire ón Meamram dar dáta 24 Bealtaine, 1973, ón Aire Airgeadais go n-aontaíonn sé go forleitheadúil leis an gCoiste maidir lena mholtaí go neartófaí an rialú ar chistí poiblí as a ndéantar íocaíochtaí ar mhodh deontas-i-gcabhair. Maidir le cistí den sórt sin a eisiúint sula dtugann an Dáil ceadú, glacann an Coiste chuige go dtiocfadh go mbeadh imthosca ann a dhlífeadh cistí poiblí a chaitheamh faoi dheabhadh sula bhfaighfí an ceadú sin, ach tá sé á thabhairt de bharúil nach mar sin is ceart déanamh ach amháin in imthosca fíor-neamhghnácha. Ní aontaíonn an Coiste go mb’fhéidir go mbeadh ceart ann caiteachas as airgead deontais-i-gcabhair áirithe a dhíolmhadh óna iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tá aird á dhíriú arís aige ar a mholtaí i Mír 81 dá thuarascáil dar dáta 13 Iúil, 1972. Tugann an Coiste dá aire agus molann sé go bhfuil sé de rún ag an Aire Airgeadais coinníollacha breise a fhorchur maidir le rialú airgead deontas-i-gcabhair in aon chás áirithe a measann sé gur cóir sin. Mír 81. Airgead a Fháil ar Ais.8. Tá curtha in iúl don Choiste ag an Aire Airgeadais go ndeachaigh oifigigh de chuid a Roinne, le cabhair ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ar cuairt go minic don Ghearmáin le labhairt le roinnt daoine ann a d’fhéadfadh, agus bhí cúis ann chun a chreidsint go bhféadfadh siad, cabhair a thabhairt le teacht ar chuid den airgead atá ar iarraidh agus, b’fhéidir, cuid de a fháil ar ais. Chuir an tAire in iúl go bhfuil fíorais áirithe bunaithe de thoradh fiosraithe a chuid oifigeach agus go bhfuil siad tuairscithe don Ard-Aighne agus, de bharr go bhfuil ábhair dlí Ghearmánaigh agus dlí Éireannaigh ann i ndáil leis na tuarascálacha sin, go bhfuiltear ag glacadh comhairle faoi céard is cóir a dhéanamh anois. Tugann an Coiste dá aire go gcuirfear deireadh an scéil in iúl dó nuair a chuirfear bail chríoch ar na hábhair sin. TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH, 1973Mír 15. Réimniú airgeadais i ndáil le Cistí Stáit.9. Tugann an Coiste dá aire gur ghlac an tAire Airgeadais ill moladh an Choiste na cistí faoi rialú Ranna, seachas an Roinn Airgeadais, a chur á scrúdú, d’fhonn a chinneadh an bhfuil aon scóp do réimniú airgeadais ann maidir leo agus go gcuirfidh sé an toradh in iúl don Choiste i dtráth cuí. Mír 16. Iniúchadh Cuntas Comhlachtaí Stát-Urraithe.10. Tá curtha in iúl don Choiste ag an Aire Airgeadais go measann sé gurb inmhianaithe go gceapfaí, a luaithe is féidir, córas éigin le athbhreithniú Parlaiminteach a dhéanamh ar chomhlachtaí Stát-urraithe, ach go ngabhann deacrachtaí tromaí praiticiúla le modh oiriúnach athbhreithnithe a leagan amach agus go gcaithfear aird a thabhairt in aon chomhshocraíochtaí ar thoradh na bhfiosruithe atá á ndéanamh i Ranna áirithe faoi láthair faoin déanmhas Aireacht-Feidhmeannach a chur ar deil. Cuireadh in iúl freisin don Choiste go bhfuil an tAire ag déanamh socruithe chun an t-ábhar a chur faoi bhráid an Rialtas. Tugann an Coiste dá aire go meastar go rachfar, nuair a bheifear ag foirmliú comhshocraíochtaí le haghaidh athbhreithnithe, i gcomhairle le comhlachtaí Stát-urraithe agus leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste í dtaobh é a bhéith indéanta nó inmhianaithe cuntais na gcomhlachtaí a athbhreithneofar a iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoimeádfaí eolas leis faoi gach a dtarlóidh. Mír 17. Íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair).11. Tugann an Coiste dá aire cinneadh an Aire Airgeadais go ndéanfar feidhmeanna an Chiste Speisialta Forbartha Réigiúin ag cabhrú le tionscadail thionscail a aistriú go dtí an tÚdarás Forbartha Tionscail i gcás iarratais ar dheontais agus go dtí Fóir Teoranta i gcás iarratais ag iarraidh airgid athfhoirgnithe. Tugann sé dá aire go ndearnadh coiste comhoirdniúcháin le haghaidh seirbhísí tionscail (C.C.S.T.) a bhunú roinnt blianta ó shin faoiscáth na Roinne Tionscail agus Tráchtála agus ionadaithe air ó na príomh-ghníomhaireachtaí Stáit a bhfuil gabháil acu le tionscal agus gur de ghnó an Choiste sin comhord idir gníomhaireachtaí Stáit a fheabhsú, deireadh a chur le heamhnú gan riachtanas agus a áirithiú go mbeidh eolas chomh hiomlán agus is féidir ag na dreamanna leasmhara ar na seirbhísí agus ar na greasachtaí iomaí Stáit. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil cúram á dhéanamh den cheangal idir na gníomhaireachtaí iomaí Stáit i ndáil leis na fiosruithe atáthar a dhéanamh i dtaobh creatlach Aireacht Feidhmiúchán a bhunú i Ranna áirithe. Ag féachaint d’éifeachtúlacht na scéime atá ann faoi láthair agus do a fheabhas a chruthaigh sí, ba mhaith leis an gCoiste go leanfadh na foirne forbartha contae orthu de bheith éifeachtach. Tá an tuairim uaidh ina Thuarascáil dar dáta 12 Samhain, 1970, á aithris aige, is é sin: ‘Gabhann sé de riachtanas leis an sórt seo gníomhaíochta go mbeadh dlúthbhaint ag na húdaráis áitiúla le caiteachas agus gurb iad a bheadh ar na foirne forbartha bainisteoir Contae, innealtóir Contae, Príomh-Oifigeach Talmhaíochta, príomh-Oifigeach Oideachais agus Cathaoirleach na Comhairle Contae a bhíonn i gceist. Is é an tAire Airgeadais a riarann an Ciste agus is é a fhostaíonn rúnaithe na bhfoirne’. Tá an Coiste á chur in iúl gur bhain na tuairimí a nocht sé roimhe seo le híoc deontas as an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin le haghaidh gníomhaíochta de shaghas ar léir gur de réim saothair Bhord Fáilte Éireann í. Ba mhaith leis an gCoiste a dheimhniú nach raibh aon rún aige tromachan a dhéanamh ar an bPríomh-Choiste Forbartha, ar na Foirne Forbartha Contae ná ar na hOifigigh Forbartha Contae agus, ina theannta sin, is é a thuairim nach mór na forais sin agus a bhfoirne a choimeád le go n-úsáidfear an Ciste Forbartha Speisialta Réigiúin go héifeachtúil. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí san eolas é faoi gach a dtarlóidh. Mír 18. Íocaíochtaí i leith breis-ama.12. Tá curtha in iúl don Choiste ag an Aire Airgeadais go bhfuil an scéal sásúil anois maidir le líonadh folúntas sna grádanna Meitéareolaíochta sa Roinn Iompair agus Cumhachta ach go mbaineann deacracht fós le daoine a fháil do na grádanna Oifigigh Theicniúil sa tSeirbhís Radio agus gur gá fós, dá dhroim sin, oibriú, ar mhór-scála, breis-am sna grádanna sin. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil glactha ag an Aire le moladh an Choiste go leanfaí de bheith ag breithniú an ábhair sin. Mír 19. Deontais cóiríochta d’óstáin agus do thithe aíochta.13. Tá áthas ar an gCoiste a thabhairt dá aire go ndéanfaidh Roinn na Gaeltachta, de réir mholadh an Choiste, liosta de na deontais fhorlíontacha a bheidh íoctha aici le hóstáin agus le tithe aíochta a chur feasta leis na nótaí a bheidh ag gabháil lena Cuntais Leithreasa. CUID II—CUNTAIS ÁIRITHEMEáNOIDEACHASCta. 141-146. 14. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chás ina ndearnadh suim £3,000, a íocadh faoi chomhair staidéar a dhéanamh ar chostais foirgníochta le haghaidh iar-bhunoideachais, a mhuirearú ar fhomhírcheann a rinne socrú sonrach le haghaidh deontais faoi chomhair muirear ar iasachtaí foirgníochta (Fomhírcheann I.1). Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur tar éis an meastachán a bheith ullmhaithe a dlíodh an íocaíocht a dhéanamh agus go mb’éigean, dá chionn sin, í a áireamh faoi fhomhírcheann éigin agus gur socraíodh í a mhuirearú ar Fhomhírcheann I.1. mar gur le hiarracht ar chostais foirgníochta a laghdú a bhain sí. Measann an Coiste gur sárú ar phrionsabal tábhachtach chuntasaíocht Rialtais a híoc, cé gur beag go leor í go coibhneasta, a mhuirearú ar fhomhírcheann nach raibh soláthar déanta ann lena haghaidh. Is é a thuairim gur cheart cuntas sonrach a thabhairt sa chaiteachas, dá mba ghá sin, faoi mhírcheann speisialta a osclófaí le toiliú an Aire Airgeadais. GAIRMOIDEACHASCta. 154-158. 15. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dtrácht costas reatha na gColaístí Teicniúla Réigiúin, agus costas roinnt trealaimh freisin, a bheith muirearaithe ar fhomhírcheann a rinne soláthar le haghaidh deontais do Choistí Gairmoideachais (Fomhírcheann A) cé gur osclaíodh Fomhírcheann (I.1) speisialta sa mheastachán le freastal do chostas reatha na gcoláistí sin agus go ndearnadh soláthar i bhFomhírcheann I.2 le haghaidh caiteachais chaipitil ar na coláistí sin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh soláthar le haghaidh tuarastail múinteoirí agus costas riaracháin agus cothabhála Coláistí Réigiúin ar áireamh i bhFomhírcheann A agus go ndearnadh an soláthar i bhFomhírcheann I.1. a úsáid go formhór le hairgead a choinneáil leis na Coistí Gairmoideachais chun íoc as costas trealaimh. I gcás costas reatha na gColáistí Teicniúla Réigiúin, ar a n-áirítear tuarastail múinteoirí agus costas riaracháin agus cothabhála, tá an Coiste á éileamh go dearfa go ndéanfar an soláthar iomlán lena n-aghaidh i bhfomhírcheann a osclófar chuige sin agus gur ar an bhfomhírcheann sin amháin a mhuirearófar íocaíochtaí chun an costas sin a íoc. Ar an gcuma chéanna, is ar an bhfomhírcheann a dhéanann soláthar le haghaidh caiteachais chaipitil is ceart an caiteachas go léir i leith trealaimh chaipitil do na coláistí sin a mhuirearú. Cuntasaíocht éislinneach a bhíonn ann de ghnáth nuair nach leantar den chúrsa sin. Tugann an Coiste dá aire gealltanas an Oifigigh Chuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maidir le 1971-72, go gcoimeádfar cuntais ar leith i ndáil leis na Coláistí Teicniúla Réigiúin agus gurb as fomhírchinn éagsúla a íocfar na deontais faoi chomhair costas oibrithe agus costas caipitil. D’inis an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin faoi shuimeanna suas go dtí £360,000 san iomlán a eisíodh faoi Fhomhírcheann I.1 (Costais Reatha) chuig roinnt Coistí, tarraingt ar dheireadh an Mhárta, 1971, faoi chomhair caiteachas ar threalamh agus nár dheimhin leis go raibh na suimeanna a eisíodh amhlaidh caite ar fad teacht an 31 Márta, 1971. Vótaíl Dáil Éireann go sonrach an t-air-gead sin le dliteanais fhaibhrithe a íoc sa bhliain dar chríoch an dáta sin agus ba chóir aon iarmhéid nár caitheadh a thabhairt suas don Státchiste. Is tromaí leis an gCoiste an prionsabal bunúsach fadbhunaithe chuntasaíocht rialtais sin a thréigean ar aon slí. OIBREACHA POIBLÍ AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍCta. 251-257. 16. Cuireadh in iúl don Choiste go mbaineann moill le scéala a theacht ón Roinn Oideachais chuig Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí faoi athruithe a bhítear a iarraidh a dhéanfaí ar chóiríocht i scoileanna le linn na scoileanna sin a bheith á ndéanamh agus, dá chionn sin, go mbaineann moill leis na hoibreacha a chríochnú agus, gan amhras, go mbíonn caiteachas breise ann de bharr pleananna agus billí cainníochtaí a athrú. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gurb iad na Coimisinéirí gníomhaireacht fheidhmiúcháin na Roinne Oideachais maidir leis an ábhar sin agus go soláthraíonn siad cóiríocht scoile de réir mar a iarrann an Roinn. Dúirt sé, freisin, go bhféachann an Roinn leis an méid cóiríochta a bheadh ag teastáil a mheas agus go ndéanann sí suirbhéireacht chuige sin féachaint cén líon malrach scoile is dóigh a bheadh sa limistéar, ag féachaint don fhorbairt, don tithíocht agus don méid monarchana, etc., a bhíonn ann, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla. Dheimhnigh sé go n-oibríonn an nós imeachta sin go sásúil d’ainneoin roinnt eisceachtaí. Is é meas an Choiste gurb é is bonn don deacracht cheal cumarsáid éifeachtach, arna mhéadú de bharr moille idir dáta an cheadaithe agus dáta na tairisceana agus measann an Coiste gur gnó é sin a dhlíonn fíorchúram de na páirtithe uile lena mbaineann, is é sin, an Roinn Oideachais, Oifig na nOibreacha Poiblí agus na hÚdaráis Áitiúla. Cta. 276-306. 17. Cuireadh in iúl don Choiste gur tosaíodh ar staidéar costais/ sochair i 1970-71 a bhfuil súil gur chabhair a thoradh le linn a bheith ag breithniú na tairbhe a rachadh le siltean artaireach san am le teacht; agus gurb éard an staidéar measúnacht eolaíochta ar shochar siltin agus go bhfuil sé á dhéanamh i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Roinn Airgeadais agus leis an bhForas Talúntais. Baineann sé le scéim siltin abhantraigh atá á hoibriú agus le scéim eile a bhfuiltear ar tí tosaí uirthi. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur gearr go mbeidh a fhios toradh an staidéir i gcás scéim amháin, is é sin, an Mháigh. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoimeádfaí eolas leis faoin ábhar sin. Cta. 307-315. 18. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an gcomhaontú a rialaíonn an léas ar Choláiste na hEolaíochta chun an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus a bhfuil foráil déanta go n-íocfar le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí cion de chostas deisiúcháin, athchuir agus oibrithe na suiteála sa Phríomh-Stáisiún Téacháin a fhónann do Thithe an Rialtais agus Stát-fhoirgnimh eile in aice leis, ar a n-áirítear Coláiste na hEolaíochta. Cuireadh, faoi chonradh, coirí sa Stáisiún in ionad na gcoirí a bhí ann. Críochnaíodh an obair i 1967 agus chosain sí £65,248. D’fhiosraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste cé mhéad a measúnaíodh a bheith iníoctha ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i leith an chaiteachais chaipitil sin. Tar éis scrúdaithe, d’inis an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste gur measúnaíodh gur £11,146 an ranníoc caipitil a bhí dlite den Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i leith costas oibreacha a rinne Bord na nOibreacha Poiblí sa Stáisiún. Níor íocadh an tsuim sin mar go ndeir údaráis an choláiste gur suim is lú go mór ná sin is ceart a bheith i gceist mar gheall ar a dhócha dóibh imeacht as Coláiste na hEolaíochta uair éigin. Measann an Coiste, ós rud é gurb ábhar é seo idir gníomhareacht Stáit agus foras oideachais a fhaigheann fóirdheontais ón Stát, gur ceart cóir-chríoch a chur air go luath. Cta. 332-337. Foscríbhinn 7. 19. Thrácht an Coiste leis an Oifigeach Cuntasaíochta ar a mhéid gur breosla baile a úsáidtear ag téamh foirgnimh a rinneadh chun an Stát dá n-áitiú. Mhínigh sé, cé gur polasaí Rialtais i gcónaí gur breosla baile a úsáidfí i ngach cás, a mhéid is féidir sin, nach indéanta i gcónaí, mar gheall ar chúiseanna teicniúla, an breosla sin a úsáid. Thug sé, ar an gCoiste á iarraidh sin air, eolas faoin gcineál breosla a úsáidtear nó a úsáidfear i bhfoirgnimh a rinneadh le déanaí nó atá á ndéanamh. Tugadh de eolas maidir le 49 dtionscadal a críochnaíodh ó Lúnasa, 1972, agus 66 tionscadal a bhí i gcúrsa a ndéanta i mí na Nollag, 1973, gur mar a leanas do shuiteála téacháin atá ag gabháil leo atá deartha chun breosla a úsáid:— Leictreachas—94, ola—12, gás—5, agus breosla baile (móin nó gual antraicíte)—4. CUNTAS TAISCE CHISTE BHANC TAISCECta. 378-409. Foscríbhinn 8. 20. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aire ar idirbheart a bhain le blocanna mór go maith de stoic Rialtais a malartaíodh idir Cuideachta Árachais agus an Cuntas Taisce ar phraghsanna ar ar comhaontaíodh idir an Chuideachta agus an Roinn Airgeadais. Mar gheall ar nach raibh aon doiciméid ar fáil sa Roinn a d’inseodh na forais a bhí leis an idirbheart nó an bonn ar ar comhaontaíodh ar na praghsanna b’éigean don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste scríobh chuig an Oifigeach Cuntasaíochta ag iarraidh an eolais sin. I gcúrsa a scrúdaithe agus i meabhrán uaidh ina dhiaidh sin chuig an gCoiste, mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta na himthosca dá dtáinig an t-idirbheart agus chuir sé in iúl nár dhóigh do na himthosca sin a bheith ann arís. Is crás don Choiste nach raibh doiciméid shásúla i dtaca leis an idirbheart sin ar fáil ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Cé go mba ghnáth-ní, mar a deir an tOifigeach Cuntasaíochta, déileáil i stoic a réiteach thar telefón, measann an Coiste, dá ainneoin sin, gur ceart idirbheart den sórt sin ina mbíonn airgead poiblí i gceist a bheith ar léiriú go hiomlán i ndoiciméid. Nuair a bhí an comhfhreagras idir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Coiste agus an tOifigeach Cuntasaíochta maidir leis an idirbheart dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo á bhreithniú ag an gCoiste, ba chrás dó nár tugadh freagra don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go dtí 18 Aibreán, 1972, cé gur iarr sé an t-eolas ar an Oifigeach Cuntasaíochta an 6 Aibreán, 1971, agus gur chuir sé roinnt meabhracháin chuige dá éis sin. Bíonn súil ag an gCoiste go dtabharfaí freagra go scafánta ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nuair a bheadh eolas á lorg aige agus measann an Coiste gur moill nach raibh ceart ar bith ag gabháil léi an mhoill a bhain leis an eolas a thabhairt a hiarradh sa chás sin. AN GARDA SÍOCHÁNACta. 698-706. 21. Thug an Coiste faoi deara gur mar mhír ilghnéitheach faoi Fhomhírcheann B—Costas Taistil agus Costas Teagmhasach—a thugtar cuntas ar chaiteachas i ndáil le trealamh radio. Fiafraíodh den Oifigeach Cuntasaíochta an ea nárbh iomchuí gur faoi mhírcheann ar leith a dhéanfaí soláthar le haghaidh an chaiteachais sin nó, d’eile, é a áireamh faoi Fhomhírcheann D—Éadaí agus Trealamh. D’aontaigh sé nach raibh aon chúis speisialta ann nach bhféadfaí cóir aitheantais níos fearr a chur air. Molann an Coiste go mbreithneofaí an t-ábhar nuair a bheidh meastacháin á n-ullmhú san am le teacht. VIVION de VALERA Cathaoirleach. 28 Feabhra, 1974. |
||||||||||||