Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1970 - 1971::28 February, 1974::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

2 Bealtaine, 1973:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1971 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


5. Meitheamh, 1973:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Soilbheastar Baróid, Seosamh Mac Fheorais, Eamonn Ó Coileáin, Ciarán Ó Crotaigh, Vivion de Valera, Seosamh Ó Dúnlaing, Aodh Mac Giobúin, Deasún Mac Goibheannaigh, Réamann Mac Searraigh, Séamus Mac Páidín, Maolmhuire Stondún agus Séamus Ó Tonnaigh.


12 Nollaig, 1973:—Ceapadh an Teachta Breandán Ó Gríofa in ionad an Teachta Eamonn Ó Coileáin a urscaoileadh.