Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::02 May, 1974::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil Eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Márta 1972 gur tabhaíodh caiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin Vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo.


RÁITEAS AR AN mBREIS

Ráiteas ar an tsuim is gá a vótáil d’fhonn breis ar an Vóta do Chlárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An bhreis ag an gCaiteachas ar an Meastachán

An Méid atá le vótáil

61

24

Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas

£7,664

£7,664

Is é is cúis leis an gcaiteachas breise na harduithe ginearálta ar thuarastail maille le bónais agus íocaíochtaí eile, lena n-áirítear riar- áistí, ab iníoctha faoi scéim atheagrúcháin do Chlárlann na Talún; ní dheachthas i muinín an Vóta le haghaidh Luach Saothair de bhrí gur measadh gur leor an meastachán bunaidh. Níor tháinig an cás chun solais go hiomlán go dtí go bhfuarthas fo-chuntas Chlárlann na Talún tar éis deireadh na bliana airgeadais.


Ní léir don Choiste aon chúis nach soláthrófaí an tsuim seo le vóta breise.


VIVION de VALERA,


Cathaoirleach.


2 Bealtaine, 1974.