Committee Reports::Report No. 03 - VAT Uniform Basis of Assessment::01 May, 1974::Report

TUARASCÁIL

1. Is mian leis an gComhchoiste an tuarascáil eatramhach seo a chur faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais i dtaobh an togra thíosluaite a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle ar an 29 Meitheamh, 1973:—


Togra le haghaidh Séú Treoir ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíocht na mBallstát i dtaobh cánacha láimhdeachais—comhchóras cánach breisluacha: bonn comhionann measúnachta.


COM (73) 950—20.6.731


2. Sula dtráchtfar ar an togra féin is é tuairim an Chomhchoiste go bhféadfadh gearrchuntas ar an reachtaíocht thánaisteach maidir le cánachas indíreach sna Ballstáit a bheith ina chuidiú i ndáil lena bharúlacha níos déanaí i dtaobh an togra féin.


3. Ó 1967 i leith tá an Chomhairle Airí tar éis glacadh le cúig Threoir maidir leis an gcóras cánach breisluacha. Is iad an dá cheann tosaigh, eadhon, 227/672 agus 228/672 na treoracha bunúsacha—sa chéad cheann léirítear fealsúnacht an chomhchórais a bheadh le glacadh sna Comhphobail agus sa dara ceann leagtar amach creatlach an mhodha chun é a chur i ngníomh. Cúrsaí díomuana is mó a bhí i dtrácht sa Tríú, sa Cheathrú agus sa Chúigiú Treoir; bhain a bpríomhábhar le cásanna leithleacha na Beilge agus, go háirithe, na hIodáile—na cinn dheireanacha de na Ballstáit bhunaidh a ghlac leis an gcóras cánachais ar leithligh seo.


Cheadaigh dhá Threoir 1967 mórán difríochtaí tábhachtacha idir na córaisa ghlacfadh Ballstáit chucu, go háirithe maidir le rátaí cánach agusle gníomhaíochtaí díolmhaithe agus le scéimeanna speisialta do mhiontrádálaithe agus d’fheirmeoirí. Ní dhearna na Treoracha comhchuibhiú ar na rátaí cánach ach chothaigh siad neodracht san iomaíocht trí onnmhairí a shaoradh ón gcáin agus trí rátaí cánach a chur ar allmhairí arb ionann iad agus na rátaí a bhí á gcur i bhfeidhm sa Bhallstát féin.


4. Nuair a ghabh Éire leis na Comhphobail Eorpacha ghlac sí le forálacha Treoracha 1967, ach faoin gConradh Aontachais tugadh spásas bliana di sa dóigh nach raibh forálacha na dTreoracha sin de cheangal uirthi go dtí an 1 Eanáir, 1974. Bhí an Cháin Bhreisluacha tugtha isteach roimhe sin sa tír seo faoin Acht Cánach Breisluacha, 1972, agus rinneadh modhnuithe áirithe san Acht Airgeadais, 1973, ar rátaí cánach Acht 1972, lena n-áirítear raon feidhme an ráta nialais a leathnú. Tá na forálacha sin i gcomhréir leis na Treoracha i ngach gné bhunúsach. Ach cuireann Airteagal 17 den Dara Treoir srianta áirithe, amhail ón 1 Eanáir, 1974, i mbealach aon leathnaithe eile ar an ráta nialais.


5. Is dóigh leis an gCoimisiún go bhfuil an Séú Treoir seo atá beartaithe ag teastáil ar dhá chúis—


(1)chun go gcuirfí i ngníomh go hiomlán Cinneadh an 21 Aibreán, 19703 ón gComhairle maidir le maoiniú Bhuiséad na gComhphobal trí bhíthin acmhainní dílse na gComhphobal féin, agus


(2)chun fónamh mar chéim eile ar aghaidh i dtreo Aontas Eacnamaíoch Airgeadaíochta a bhaint amach.


(1)Maoiniú Bhuiséad na gComhphobal as acmhainní dílse na gComhphobal féin


Faoi láthair maoinítear Buiséad na gComhphobal le—


(a)tobhaigh ar tháirgí talmhaíochta a allmhairítear,


(b)dleachtanna custam, agus


(c)ranníocaí ó na Ballstáit arna mbunú ar an Olltáirgeacht Náisiúnta.


I gcás na mBallstát nua tá laghduithe agus uasleibhéil áirithe ag baint le modhanna thuasluaite a mhaoinithe ar feadh idirthréimhse. Faoi Chinneadh an 21 Aibreán 1970 ón gComhairle cuirfear in ionad an ranníoca ag (c), tráth nach luaithe ná 1975, an t-ioncam a ghnóthaítear trí ráta cánach breisluacha nach mó ná 1% a chur chun feidhme ar bhonn measúnaithe comhionann ar fud an Chomhphobail. Chun cothromas á áirithiú sa ranníoc sin, measadh gur ghá sraith rialacha a cheapadh chun raon feidhme na cánach a shocrú go beacht; chun a áirithiú gur mhar a chéile é faoi reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit, go háirithe maidir le nithe ar nós díolúintí, modh ríofa an mhéid is inchánaithe, agus an soláthar do scéimeanna speisialta.


(2)Dul ar aghaidh i dtreo Aontas Eacnamaíoch Airgeadaíochta


Treisíodh an gealltanas ar thaobh chomhchóras cánach breisluacha le Rún ón gComhairle ar an 22 Márta, 1971, á dhearbhú inter alia nárbh fholáir i réimse an chánachais uamadh geilleagar a thabhairt i gcion agus san am céanna cothromaíocht iomchuí a choimeád trí ghlacadh le rialacha don Chomhphobal ar an mbonn comhionann measúnachta. Is ceann d’aidhmeanna an Aontais Eacnamaíoch Airgeadaíochta é, ar deireadh thiar, na srianta agus na bacainní ar shaorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil a dhíothú laistigh den Chomhphobal, agus go háirithe deireadh a chur leis na coigeartuithe imeallchríche cánach a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí idir Ballstáit. Chuige sin is riachtanas é na córais éagsúla chánach breisluacha atá á n-oibriú anois a chomhchuibhiú.


6. Níor leagadh amach sa dréacht-Treoir na rátaí cánach a bheidh le cur chun feidhme. Is é atá ceaptha go mbeidh sin ar an gcéim dheireanach sa chomhchuibhiú, agus gheofar togra breise ina thaobh ón gCoimisiún.


Is chuige an dréacht-Treoir seo chun comhchuibhiú a thabhairt ar bhonn an cánachais a bheadh le glacadh, trí rialacháin a leagan amach go mioncruinn do bhonn comhionann measúnaithe i leith na cánach. Áirítear sna rialacháin sin forálacha a dhéanann sainiú ar na nithe seo: raon feidhme na cánach, na díolúintí a bheidh le lamháil, modh agus tráthanna an mheasúnaithe, bailiú na cánach, scéimeanna speisialta do ghrúpaí sonraithe, agus bunú Coiste Cánach Breisluacha le bheith freagrach i ndeaoibriú an chórais.


7. Má ghlacann an Chomhairle leis an dréacht-Treoir sa riocht ina bhfuil sí, ba dhóigh leis an gComhchoiste go dtabharfadh sin faoi cheist cá mhéad ba ghá na forálacha seo a leanas sa chód cánachais atá againn féin a oiriúnú:


(a)rátú nialais ar mhíreanna seachas onnmhairí agus buanchoimeád an chóras dhá réim ar ráta 36.75% atá anois ann;


(b)na forálacha speisialta do thalmhaíocht agus an leibhéal díolúine is infheidhme maidir le miontrádálaithe;


(c)díolúintí áirithe (e.g. iompar paisinéirí, aos dlí); agus


(d)an tréimhse a lamháiltear chun tuairisceáin a thabhairt.


Tugann an Comhchoiste dá aire, ó na forálacha idirthréimhseacha in Airteagal 28, go bhféadfaidh na Ballstáit a d’fheidhmigh an ceart a tughad dóibh le hAirteagal 17 den Dara Treoir 228/67 chun rátaí nialais a fheidhmiú ar mhíreanna áirithe leanúint de na faoisimh sin a thabhairt go dtí cibé dáta a shocróidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, agus nach mbeidh sin níos déanaí ná an dáta a dhíothófar muirearú cánach ar allmhairí agus maitheamh cánach ar onnmhairí sa trádáil idir Ballstáit.


Tugann an Comhchoiste dá aire fosta ó mhíreanna 2 agus 3 d’Airteagal 4 de Threoir an 21 Aibreán, 1970 ón gComhairle nach féidir modh nua maoinithe Bhuiséad na gComhphobal trí bhíthin an ranníoca uasta 10% Cánach Breisluacha a theacht i ngníomh go dtí go mbeidh córas comhchuibhithe na Cánach Breisluacha curtha i bhfeidhm i dtrí Bhallstát ar a laghad. Is é a thuairim nach cosúil, i bhfianaise na nithe sin, go bhféadfaí freastal don dáta feidhme atá beartaithe—1 Eanáir, 1975—agus uime sin ní mheastar gur gá a thuilleadh a rá faoin dréacht-Treoir ag an bpointe seo. Tá de rún ag an gComhchoiste an t-ábhar a choimeád faoi bhreithniú agus tuarascáil a chur faoi bhráid na dTithe arís nuair a thiocfaidh an t-ionú chuige.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


1 Bealtaine, 1974.


1. I.O. C.80, 5/10/73.


2. I.O. 71, 14/4/67.


3. I.O. L.94, 28/4/70.