Committee Reports::Report No. 03 - VAT Uniform Basis of Assessment::01 May, 1974::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

19 Iúil, 1973:—Beartaíodh: (1) Go bhfuil sé fóirsteanach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú, arb iad a bheidh ann—


(a) na comhaltaí de cheachtar Teach acu sin atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach, agus


(b) sé dhuine dhéag eile ar comhaltaí de Dháil Éireann deichniúr acu agus ar comhaltaí de Sheanad Éireann seisear acu


chun scrúdú a dhéanamh—


(i) ar cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Coiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(2) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste a mbeidh duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Sheanad Éireann [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á iarraidh air aontú leis an Rún seo.


26 Iúil, 1973:—Teachtaireacht ón Seanad: “Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


‘(1) Go n-aontaíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 19ú lá d’Iúil, 1973, go bhfuil sé fóirsteanach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú, arb iad a bheidh ann—


(a) na comhaltaí de cheachtar Teach acu sin atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach, agus


(b) sé dhuine dhéag eile ar comhaltaí de Dháil Éireann deichniúr acu agus ar comhaltaí de Sheanad Éireann seisear acu


chun scrúdú a dhéanamh—


(i) ar cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Coiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(2) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste a mbeidh duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Sheanad Éireann.’ ”


Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh na comhaltaí sin de Dháil Éireann atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach agus deich gcomhalta eile a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.


(2) Go scrúdóidh an Comhchoiste—


(i) cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí, de chuid na Comhairle sin,


(ii) cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh sé agus go dtabharfaidh sé tuarascáil orthu do dhá Theach na Oireachtais.


(3) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


Cuireadh Teachtaireacht chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


27 Iúil, 1973:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Éamonn Ó Coileáin, Barra Deasún, Muiris Dockrell, Seán Easmann, Seán Ó Fathaigh, Eoghan Mac Gearailt, Seán Ó Flannagáin, Cathal Ó hEochaidh, Mícheál Ó Cinnéide agus Maolmhuire Stondún.


Comhaltaí atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach:


Dónall Ó Críodáin, Tomás Ó Duinn, Séamus Mac Giobúin, Mícheál Hoireabard, Liam Caomhánach, Cathal Mac Domhnaill, Tomás Ó Nualláin agus Dáithí Ó Droighneáin.


20 Feabhra, 1974:—Ordaíodh: Go ndéanfar Ordú an 26 Iúil, 1973 maidir leis an gComhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach a leasú tríd an mír seo a leanas a chur leis:—


“(4) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh faoin ordú seo, a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh leis, faoi bhráid na Dála agus air sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.” [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

25 Iúil, 1973:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian léi Seanad Éireann d’aontú leis:—


‘(1) Go bhfuil sé fóirsteanach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú, arb iad a bheidh ann—


(a) na comhaltaí de cheachtar Teach acu sin atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach, agus


(b) sé dhuine dhéag eile ar comhaltaí de Dháil Éireann deichniúr acu agus ar comhaltaí de Sheanad Éireann seisear acu


chun scrúdú a dhéanamh—


(i) ar cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) ar cibé ionstraimí eile a dhéanfa faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Coiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(2) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste a mbeidh duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Sheanad Éireann.’ ”


Beartaíodh: (1) Go n-aontaíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 19ú lá d’Iúil, 1973, go bhfuil sé fóirsteanach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú, arb iad a bheidh ann—


(a) na comhaltaí de cheachtar Teach acu sin atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach, agus


(b) sé dhuine dhéag eile ar comhaltaí de Dháil Éireann deichniúr acu agus ar comhaltaí de Sheanad Éireann seisear acu


chun scrúdú a dhéanamh—


(i) ar cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Chomhphobail sin,


a roghnóidh an Coiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(2) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste a mbeidh duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin acu ar a laghad ina chomhalta de Sheanad Éireann [An Seanadóir Mícheál Ó hUiginn].


Cuireadh Teachtaireacht chun Dáil Éireann á chur sin in iúl di.


26 Iúil, 1973:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh na comhaltaí sin de Dháil Éireann atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach agus deich gcomhalta eile a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.


(2) Go scrúdóidh an Comhchoiste—


(i) cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobalEorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta dé na Comhphobail sin,


a roghnóidh sé agus go dtabharfaidh sé tuarascáil orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(3) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu.’ ”


Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh na comhaltaí sin de Sheanad Éireann atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach agus sé chomhalta eile a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheap Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.


(2) Go scrúdóidh an Comhchoiste—


(i) cibé dréachtaí, arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna gcur faoi bhráid Chomhairle na gComhphobal sin, de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid na Comhairle sin,


(ii) cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii) cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv) cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh sé agus go dtabharfaidh sé tuarascáil orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(3) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus ar comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [An Seanadóir Mícheál Ó hUiginn].


Cuireadh Teachtaireacht chun Dáil Éireann á chur sin in iúl di.


26 Iúil, 1973:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Seán Ó Beoláin, Alastar Mac Gearailt, Mícheál Ó hUiginn, Caoimhín Ó Ceallacháin, Máire Bean Mhic Roibín agus Eoin Ó Riain.


Comhaltaí atá de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach:


Brian Ó Luineacháin agus Mícheál Yeats.


20 Feabhra, 1974:—Ordaíodh: Go ndéanfar Ordú an 26 Iúil, 1973 maidir leis an gComhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach a leasú tríd an mír seo a leanas a chur leis:—


“(4) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh faoin ordú seo, a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh leis, faoi bhráid an tSeanaid agus air sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.” [An Seanadóir Mícheál Ó hUiginn].


15 Bealtaine, 1974:—Ceapadh an Seanadóir Marcus Mac Giollaléith in ionad an tSeanadóra Caoimhín Ó Ceallacháin a fuair bás.


Toghadh an Teachta Cathal Ó hEochaidh mar Chathaoirleach agus an Teachta Muiris Dockrell mar Leas-Chathaoirleach ag an gcruinniú a bhí ann an 3 Lúnasa, 1973.