Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::27 June, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 27 Meitheamh, 1974.

Thursday, 27th June, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Tailte, Foraoiseacht, Bunoideachas, Meánoideachas, Gairmoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Colaistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), S. Ó Conchobhair (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.