Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1971 - 1972::04 July, 1974::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 4 Iúil, 1974.

Thursday, 4th July, 1974.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Dúnlaing, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1971-72.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1971-72. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Iompar agus Cumhacht, Sláinte, An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. Ó Riordáin (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), B. Ó hAonghasa (Rúnaí, An Roinn Sláinte) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m.