Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1970 - 1971::29 November, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 29 Samhain, 1973.

Thursday, 29th November, 1973.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, E Ó Coileáin, Ó Dúnlaing agus A. Mac Giobúin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1970-71.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1970-71. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Poist agus Telegrafa, Leas Sóisialach. Sláinte agus An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistiodh P. Ó Colmáin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), P. A. Ó hEidhin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), B. Ó hAonghusa (Rúnaí, An Roinn Sláinte) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m. sine die.