Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1970 - 1971::22 November, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 22 Samhain, 1973.

Thursday, 22nd November, 1973.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, E. Ó Coileáin, A. Mac Giobúin agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1970-71.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1970-71. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Rialtas Áitiúil, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, Na Cúirteanna Breithiúnais agus Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), G. Ó Meachair (Leas-Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), S. Mac Niocail (Coimisinéir Luachála), A. Mac a’Bháird (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.05 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.