Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::28 June, 1973::Appendix

APPENDIX 23.

IASACHTAÍ I gCÓIR TITHE GLOINE SA GHAELTACHT.

An Cléireach,


An Coiste um Chuntais Phoiblí.


D’iarr an Coiste tuilleadh eolais mar gheall ar thithe gloine sa Ghaeltacht agus go háirithe na hiasachtaí a bhain leo.


Sna blianta 1947-49 chuir an Roinn Talmhaíochta airgead ar fáil chun na foirgnimh seo a leanas a thógáil:


—stáisiún láir agus 100 teach gloine i gceantar Ghort an Choirce, Co. Dhún na nGall, agus


—stáisiún láir agus 95 theach gloine i gceantar Indreabháin, Co. na Gaillimhe.


Caitheadh £120,000 ar na foirgnimh sin agus bhí £29,250 de sin le haisíoc ag na fásóirí, .i. £150 an teach gloine. Sa bhliain 1957 cuireadh córas téimh i 34 cinn de na tithe i nGort an Choirce ar chostas £19,200 agus bhí iasacht bhreise £200 le haisíoc i ngach cás.


Tháinig Roinn na Gaeltachta, a bunaíodh sa bhliain 1956, isteach sa scéal chun airgead a chur ar fáil nuair a bhí córas téimh á chur i gcuid eile de na tithe tosaigh sin. Rinneadh an obair sna blianta 1958-64—25 i nGort an Choirce agus 19 in Indreabhán—ar chostas £30,050 agus bhí iasacht bhreise ó £200 go £235 le haisíoc ag gach fásóir.


Sna blianta 1959-61 tógadh 32 theach gloine breise, agus córas téimh i ngach ceann acu, faoi scáth Roinn na Gaeltachta—20 i gConamara agus 12 i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. I mí Mheán Fómhair 1961, sular tugadh seilbh na dtithe nuathógtha sin do na fásóirí, scrios stoirm iad agus tharla caiteachas neamhbhríoch £34,894 dá dheasca. (Bhí na deacrachtaí a bhain leis na tithe sin á bplé go mion leis an gCoiste ar feadh na mblianta.) Atógadh 10 gcinn de na tithe i gConamara sna blianta 1963-64; caiteachas £15,987 a bhain leo agus bhí iasacht £320 le haisíoc i ngach cás.


Chun dhá stáisiún láir agus 205 theach gloine a chur ar fáil—agus córas téimh i 88 gcinn acu—caitheadh £185.237 san iomlán (£139,200 ón Roinn Talmhaíochta agus £46,037 ó Roinn na Gaeltachta gan caiteachas neamhbhríoch a áireamh). Bhí £48,925 san iomlán le haisíoc ag na fásóirí trí shuimeanna a bhaint den teacht isteach a bheadh ag dul dóibh ó na stáisiúin láir mhargaíochta.


I gcás formhór na dtithe gloine a tógadh timpeall 25 bliana ó shin tá a ré caite: sa bhliain 1972 bhí plandaí ag fás i 30 i nGort an Choirce agus i 21 in Indreabhán. Maidir leis na tithe a atógadh i gConamara timpeall 10 mbliana ó shin, bhí plandaí ag fás i 7 gcinn acu sa bhliain 1972.


Sna comhaontuithe a shínigh na fásóirí bhí forálacha faoina bhféadfaidís éirí as na tithe gloine agus/nó na córais téimh. Rinne a bhformhór amhlaidh i gcás na gcóras téimh ag féachaint don saothar agus don chostas a bhí ag gabháil lena n-úsáid i gcomparáid leis an teacht isteach breise dá mbarr. De na hiasachtaí go léir a luaitear thuas cuireadh £12,812 ar ceal.


I gcás na dtithe uile a luaitear thuas is thart ar an daicheadú cuid d’acra a bhí faoi ghloine i ngach ceann acu agus is i gceantair áirithe a tógadh iad. Le roinnt blianta anuas tá scéim ag Roinn na Gaeltachta a bhaineann le sealbhóirí ar ghabháltais talmhaíochta in áit ar bith sa Ghaeltacht. Deontas nach dtéann thar dhá thrian den chostas ceadaithe a íoctar faoin scéim seo agus ní thugann an Roinn aon iasacht.


Faoin scéim reatha tá deontais dar luach £10,709 íoctha ag an Roinn i leith 18 dteach nua; thart ar an daicheadú cuid d’acra atá faoi ghloine i 17 gcinn acu—8 i gCo. Dhún na nGall, 5 i gCo. na Gaillimhe, 2 i gCo. Mhaigh Eo agus 2 i gCo. Chiarraí—agus 1/12 d’acra i gceann amháin i gCo. na Gaillimhe. Le tamall anuas is le tithe ó 1/12 go 1/4 d’acra is mó a bhaineann iarratais faoin scéim. Tá deontais dar luach £279 íoctha freisin chun dhá theach gloine a dheisiú agus teach trialach polythene a chur ar fáil.


L. TÓIBÍN,


Oifigeach Cuntasaíochta,


Roinn na Gaeltachta.


6 Feabhra, 1973.