Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::30 November, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 30 Samhain, 1972.

Thursday, 30th November, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta E. Ó Coileáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, A. Mac Giobúin, Mac Goibheannaigh, Ó Nualláin, Mac Searraigh, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1969-70.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1969-70. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Saothar, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, An Roinn Saothair), S. Ó Duibhgeannáin (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), S. Mac Gearailt (Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.25 p.m.