Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::22 February, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 22 Feabhra, 1972.

Tuesday, 22 February, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin agus Ó Treasaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Bhreithnigh an Coiste freagra* den 21 Feabhra, 1972 ón Uasal C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais, ar litir* an Choiste den 14 Feabhra, 1972.


Beartaíodh: go gceadófaí foirm litreach* eile go dtí an tUasal Ó Muireadhaigh.


5. Beartaíodh: go gceadófaí dréachtfhreagra ar litir an Choirnéil Uí Eibhrín den 11 Samhain, 1971 i dtaobh fianaise a tógadh go príobháideach.


6. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Thuarascála Deiridh a bhreithniú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.45 p.m. go dtí 7 p.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (8) (a).


† Foscríbhinn 4 (13).