Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::17 February, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 17 Feabhra, 1972.

Thursday, 17 February, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Bhreithnigh an Coiste litir* den 10 Feabhra, 1972 a fuarthas ó Choimisinéir an Gharda, an tUasal Wymes, i dtaobh fianaise a thug sé féin agus an Coimisinéir Cúnta Ó Maoileoin go príobháideach.


Ordaíodh: go lorgófaí comhairle dlí faoi iarratas an 11 Samhain, 1971 ón gCoirnéal Ó hEibhrín maidir leis an bhfianaise sin.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí 7.15 p.m. Dé Máirt seo chugainn.


* Foscríbhinn 4 (26).


† Foscríbhinn 4 (13).