Committee Reports::Interim Report - Northern Ireland Relief Expenditure::13 July, 1972::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

17 Samhain, 1970:—Ordaíodh: go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


1 Nollaig, 1970:—Ordaíodh: Go ndéanfaidh an Coiste um Chuntais Phoiblí scrúdú speisialta ar Chostais an Deontaisi-gCabhair le haghaidh Faoisimh i dTuaisceart Éireann a eisíodh as Fomhírcheann J, Vóta 16 (Costais Ilghnéitheacha), do 1969/70 agus aon airgid a d’aistrigh Cumann Croise Deirge na hÉireann go cuntas bainc ar taisceadh nó a bhféadfadh sé gur taisceadh airgead as an Vóta seo ann, agus go dtabharfaidh sé tuarascáil ar leith ar an gcostas sin a luaithe is féidir.


3 Nollaig, 1970:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Soilbheastar Baróid, Beircheart Brioscú, Risteard de Búrca, Éamonn Ó Coileáin, Gearóid Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Pádraig Ó hÓgáin, Saerbhreathach Céitinn, Réamann Mac Searraigh, Tomás Ó Nualláin, Seán Ó Treasaigh agus Séamus Ó Tonnaigh.


17 Nollaig, 1970:—Ordaíodh: Go ndéanfar, tar éis gach cruinniú den Choiste um Chuntais Phoiblí, ag a nglacfar fianaise, maidir le hábhar Ordú na Dála an 1 Nollaig, 1970, miontuairiscí na fianaise sin, maraon le cibé doiciméid a chinnfidh an Coiste, a chló i bhfoirm neamhcheartaithe a luaithe is féidir.


6 Iúil, 1971:—Ceapadh an Teachta Seosamh Ó Dúnlaing in ionad an Teachta Beircheart Brioscú a urscaoileadh.


14 Iúil, 1971:—Ceapadh an Teachta Proinsias Mac Bhloscaidh in ionad an Teachta Saerbhreathach Céitinn a urscaoileadh.