Committee Reports::Interim Report - Northern Ireland Relief Expenditure::15 December, 1970::Report

AN COISTE UM CHUNTAIS PHOIBLÍ

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid le hOrdú ón Dáil dar dáta 1 Nollaig, 1970, agus tá comhaontaithe aige leis an Tuarascáil eatramhach seo a leanas:—


1. Ar é do bhreithniú cad iad na nósanna imeachta lena nglacfaí chun a chuid imeachtaí a rialú bhuail deacracht de chineál bunaidh leis an gCoiste, eadhon, réim feidhme fhorálacha ailt 12 agus 13 d’Airteagal 15 den Bhunreacht.


2. Gach tuarascáil agus foilseachán oifigiúil ón Oireachtas agus ó gach Teach de agus caint ar bith dá ndéantar in aon Teach díobh tá siad saor ar chúrsaí dlí cibé áit a bhfoilsítear, de réir alt 12. Deir alt 13 maidir le comhaltaí gach Tí den Oireachtas gurb amhlaidh atá, i gcás cibé caint a dhéanfaidh comhalta in aon Teach díobh, nach inchúisithe é mar gheall uirthi in aon chúirt ná ag údarás ar bith ach amháin an Teach féin.


3. Is é an deacracht a bhí ag an gCoiste i gcás na n-alt sin, ailt atá riachtanach le haghaidh comhaltaí na dTithe do chomhlíonadh a nDualgas go héifeachtúil, an bhfuil feidhm acu maidir le—


(a)na rudaí a déarfaidh comhaltaí, comhairleoirí, oifigigh agus gníomhhairí an Choiste um Chuntais Phoiblí sa Choiste;


(b)na rudaí a déarfaidh aon daoine sa Choiste tar éis don Choiste fios a chur orthu chun fianaise a thabhairt;


(c)doiciméid an Choiste agus a chomhaltaí roimh ordú ón Dáil iad a leagan faoina bhráid; agus


(d)aon pháipéir nó taifid a chuirfidh duine ar bith chun an Choiste ar iarratas uaidh nó dá dheoin féin roimh ordú ón Dáil na páipéir nó na taifid sin a leagan faoina bhráid.


Measadh don Choiste, dá mba rud é nach mbeadh feidhm ag na hailt den Airteagal, go dtiocfadh de nach bhféadfaí an gnó a chuir an Dáil faoina bhráid a stiúradh go héifeachtúil, ag féachaint don chineál scrúdú nach foláir dó a stiúradh.


4. Thug an Coiste dá aire go ndúradh sa Tuarascáil ón gCoiste Uile-Pháirtí ar an mBunreacht gur cuireadh an pointe seo a leanas faoi bhráid an Ard-Aighne lena scrúdú ag coiste dlíthiúil faoina cheannas:—


The view was expressed that this section [alt 12 d’Airteagal 15] might not provide privilege in respect of utterances by the Public Accounts Committee and its members in the course of their duties. Privilege should be extended to the utterances and publications of all official Committees of the Oireachtas.


Tá tuairim Choiste an Ard-Aighne curtha ar fáil don Choiste agus tá sé faoi athchló i bhFoscríbhinn 1. Bhí abhcóide fostaithe ag an gCoiste chun comhairle dlíthiúil a thabhairt ar roinnt gnéithe dá nós imeachta. Tá tuairim an abhcóide ar an bpointe a bhí á bhreithniú faoi athchló i bhFoscríbhinn 2.


5. Chífear ó na doiciméid sin, cé gur comhairlíodh an Coiste go bhfuil saoirse iomlán ar chúrsaí dlí aige, go bhféadfaí malairt léiriú a thabhairt do na forálacha bunreachtúla i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil saoirse iomlán ar chúrsaí dlí ag gabháil le doiciméid an Choiste roimh a dtíolacadh don Teach, nó ag gabháil le haon pháipéir nó taifid a chuirfidh duine ar bith chun an Choiste ar iarratas uaidh nó dá dheoin féin roimh Ordú ón Dáil iad a thíolacadh agus le caint ar bith a dhéanfar sa Choiste.


6. Sna cúinsí sin, agus ar an ábhar nach féidir leis breith údarásach a thabhairt ar na ceisteanna tá an Coiste tar éis a chinneadh nár cheart dó dul ar aghaidh le scrúdú an ábhair a cuireadh faoina bhráid go dtí go réiteofar an deacracht. De thoradh na dtuairimí dlíthiúla a bhreithniú tuigtear gur féidir an deacracht a réiteach le reachtaíocht. Ar ordú na Dála a mheabhrú dó gur cheart dó tuarascáil a thabhairt a luaithe is féidir ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid, molann an Coiste go ndéanfadh an Dáil breithniú fabhrach ar ghlacadh leis an gcúrsa sin a luaithe is féidir.


7. Le linn na díospóireachta sa Dáil ar an tairiscint do chur scrúdú chaiteachas an Deontais-i-gCabhair faoi bhráid an Choiste díríodh aird ar an gceist i dtaobh cumhacht a bheith ag an gCoiste tabhairt ar fhinnéithe teacht i láthair. Ní dhearna an Dáil aon socrú chun an cheist a réiteach, ar an bhforas, de réir dhealraimh, dá dtarlódh sé nár leor nós imeachta an Choiste mar gheall ar uireasa na cumhachta seo, go bhféadfadh an Coiste tuairisciú ar ais don Dáil. Ansin d’fhéadfadh an Dáil a chinneadh cén beart ba chóir a dhéanamh. Má chinneann an Teach anois reachtaíocht a rith mar atá molta ag an gCoiste, molann an Coiste ina theannta sin go nglacfaí leis an gcaoi chun an scéal seo a réiteach freisin.


8. D’fhonn é a bheith sa chaoi go bhféadfaidh sé dul ar aghaidh a luaithe is féidir, ar na deacrachtaí atá curtha in iúl a bheith réitithe, tá an Coiste tar éis glacadh le roinnt nósanna imeachta chun a scrúdú a rialú. Tá na nósanna imeachta sin leagtha amach i bhFoscríbhinn 3, agus ar ndóigh féadfar iad a athbhreithniú de réir cibé beart is oiriúnach leis an Dáil a dhéanamh. Tabharfar faoi deara go mbeidh Ordú ón Dáil ag teastáil i gcás mhír (v).


PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


15 Nollaig, 1970.