Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::22 July, 1971::Report

AN COISTE UM CHUNTAIS PHOIBLÍ

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul ar aghaidh déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus tá sé tar éis comhaontú leis an Tuarascáil Eatramhach seo a leanas:—


1. Ghlac an Coiste fianaise an 15 Iúil, 1971 maidir le mír 10 de Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar Chuntais Leithreasa 1969-70. Tá an fhianaise sin (neamhcheartaithe) leagtha amach i bhFoscríbhinn 1.


2. Fuarthas litir maidir leis an ábhar dar dáta 21 Iúil 1971 ó Rúnaí na Roinne Airgeadais agus bhí nóta ag gabháil léi a léirigh barúil Roinn an Ard-Aighne san ábhar. Tá an litir sin agus an nóta leagtha amach i bhFoscríbhinn 2.


3. Measann an Coiste é a bheith de dhualgas air an t-ábhar a chur faoi iúl na Dála láithreach.


PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


22 Iúil 1971.