Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1969 - 1970::22 July, 1971::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

17 Samhain, 1970:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch 31 Márta 1970, a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


3 Nollaig, 1970:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Soilbheastar Baróid, Beircheart Brioscú, Risteard de Búrca, Eamonn Ó Coileáin, Gearóid Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Pádraig Ó hÓgáin, Saerbhreathach Céitinn, Réamann Mac Searraigh, Tomás Ó Nualláin, Seán Ó Treasaigh agus Séamus Ó Tonnaigh.


6 Iúil, 1971:—Ceapadh an Teachta Seosamh Ó Dúnlaing in ionad an Teachta Beircheart Brioscú a urscaoileadh.


14 Iúil, 1971:—Ceapadh an Teachta Proinsias Mac Bhloscaidh in ionad an Teachta Saerbhreathach Céitinn a urscaoileadh.


3 Samhain, 1972:—Ceapadh an Teachta Deasún Mac Goibheannaigh in ionad an Teachta Pádraig Ó hÓgáin a fuair bás.


2 Bealtaine, 1973:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh;


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1970 agus Miontuariscí na Fianaise ina dtaobh sin a tógadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí a ceapadh an 17ú Samhain, 1970 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


5 Meitheamh, 1973:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Soilbheastar Baróid, Seosamh Mac Fheorais, Eamonn Ó Coileáin, Ciarán Ó Crotaigh, Vivion de Valera, Seosamh Ó Dúnlaing, Aodh Mac Giobúin, Deasún Mac Goibheannaigh, Réamann Mac Searraigh, Séamus Mac Páidín, Maolmhuire Stondún agus Séamus Ó Tonnaigh.